Tá Stephen Warde 31 bliain as Cinn Mhara i ndeisceart na Gaillimhe a bhí ar iarraidh sa Mhalaeisia ó thús na bliana faighte slán sábháilte.

Bhí a mháthair agus a dheartháir thall ann á chuardach agus tá siad in éineacht leis anois sa phríomhchathair Kuala Lumpar.

Bhí na mílte euro bailithe ag muintir Chinn Mhara le go mbeadh a theaghlach in ann é a chuardach thall. D’fhostaigh siad bleachtaire príobháideach freisin in iarracht teacht ar eolas faoi Stephen.

Dúirt sagart paróiste Chinn Mhara an tAthair Hugh Clifford go raibh sé ar nós gur bhuaigh muintir an cheantair an pota óir sa Chrannchur Náisiúnta nuair a fuair siad an scéala ar maidin go raibh Stephen slán.

Deirtear gur tugadh Stephen go dtí an t-ospidéal i Kuala Lumpur ar maidin agus go bhfuil sé ceart.

I ráiteas a rinne máthair Stephen inniu, ghlac sí buíochas le gach duine a thug tacaíocht don teaghlach agus go mbeadh aon airgead a bheadh fágtha á chur ar fáil d'iarrachtaí daoine eile atá ar iarraidh a aimsiú.