Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh go bhfuil scéim nua a thabharfas cead do mheánscoileanna múinteoirí a roinnt le tabhairt isteach ag tús na scoilbhliana 2019-20.
Sa phlean gníomhaíochta chun tuilleadh múinteoirí a chur ar fáil a d’fhoilsigh an tAire i mí na Samhna anuraidh, deirtear go dtuigtear na deacrachtaí a bhíonn ag scoileanna thar a chéile múinteoirí a earcú ar na saolta seo.
Cé go bhfuil ganntan múinteoirí ann, tugtar le fios sna figiúirí is deireanaí atá ar fáil gur 1,366 iarratas a rinneadh ar chúrsaí iarchéime múinteoireachta sa bhliain 2018, an chéad uair a raibh ardú ar iarratais ó 2011.
Idir 2011 agus 2017, tháinig titim 62% ar an líon iarratas. 2,824 duine a chuir isteach ar chúrsaí in 2011 i gcomparáid le 1,068 in 2017.
Deir an tAire McHugh go dtabharfaidh an Scéim Roinnte Múinteoirí deis níos fearr do phríomhoidí múinteoirí a earcú agus do chéimithe fostaíocht bhuan a fháil.
Tá scéimeanna mar í i bhfeidhm i go leor gairmscoileanna cheana féin.
Bíonn níos mó fadhbanna i gceantair tuaithe ná i gcathracha, a deir Tomás Mac Pháidín ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Tá líon na ndaltaí ag aois bunscoile méadaithe le blianta beaga, a deir sé, agus beidh gá le tuilleadh múinteoirí fós sna blianta amach romhainn dá bharr.
Dúirt urlabhraí ó Aontas Múinteoirí Éireann le Nuacht RTÉ/TG4 gur céim bheag chun cinn í an scéim roinnte chun múinteoirí a chur ag obair agus a mhealladh ar ais ó thar lear.
Tá go dtí mí Lunasa ag múinteoirí iarratas a dhéanamh ar na poist seo.