skip to main content

Ceistiú Angela Kerins 'lasmuigh de théarmaí tagartha coiste'

Angela Kerins ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí
Angela Kerins ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí

Rialaigh an Chúirt Uachtarach go ndeachaigh an Coiste um Chuntais Phoiblí i bhfad níos faide ná na téarmaí tagartha atá aige agus é ag ceistiú iar-phríomhfheidhmeannach an ghrúpa carthanachta Rehab Angela Kerins.

Rialaigh an Chúirt go bhfuil an chumhacht aige a fhógairt go bhfuil iompar an Choiste mídhleathach.

Dar leis an gCúirt nach dtagann an ceart sin salach ar an scaradh cumhachtaí idir na breithiúna agus an tOireachtas de bharr go raibh an coiste ag feidhmiú taobh amuigh dá údarás agus de bharr go raibh an dearcadh ceánna ag Coiste Dála eile faoin scéal - an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí.

Rialaíodh chomh maith gurb í an Dáil féin an cosantóir sa chás seo, seachas baill an choiste.

Níor rialaigh an Chúirt inniu go raibh iompar an Choiste um Chuntais Phoiblí mídhleathach i gcás Angela Kerins ach tá breith le tabhairt faoi sin amach anseo. 

Cheistigh baill an choiste Angela Kerins ar 27 Feabhra 2014 i bhfianaise an tsuntais a tarraingíodh ag an am ar na tuarastail arda a íoctar le bainisteoirí sinsearacha san earnáil charthanachta.

Sa chás Ard-Chúirte a thug sí in aghaidh an choiste in 2016, dúirt sí gur ghoill iompar agus dearcadh an choiste ina leith go mór uirthi. Dúirt sí gur chuir tuairiscí sna meáin as go mór di freisin. 

Dúirt sí gur thug sí drochíde di féin agus go raibh a beatha i mbaol tar éis don choiste í a cheistiú in 2014. 

Loic a sláinte go luath ina dhiaidh sin agus chaith sí deich lá san ospidéal, a dúradh. 

Mhaígh an coiste go raibh sé de cheart acu í a cheistiú mar go bhfuair Rehab os cionn 80% dá ioncam ón Stát. 

D'éirigh Angela Kerins as mar phríomhfheidhmeannach ar Rehab mí i ndiaidh na héisteachta.