Deir daoine ar an Spidéal i gCo na Gaillimhe go bhfuil súil acu go dtabharfaidh an Bord Pleanála aird ar an rún a rith an chomhairle contae inné go gcaithfidh 100 méadar ar a laghad a bheith idir ionad cóireála séarachais agus teorainn beál dorais.

Faoi láthair, is 50 méadar atá i bhfeidhm don Spidéal agus don Cheathrú Rua, áit a bhfuil Uisce Éireann ag iarraidh ionaid séarachais a thógáil, seachas an 100 méadar atá i bhfeidhm in áiteanna eile i gCo na Gaillimhe. 

Tá an dá shuíomh atá roghnaithe ag Uisce Éireann gar do scoil náisiúnta sa Spidéal agus do thithe ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.

Maidir leis an Spidéal, tá achomhairc déanta ag grúpaí éagsúla sa Spidéal in aghaidh an dá shuíomh atá roghnaithe agus súil acu anois go nglacfaidh an Bord Pleanála leis an bhfad 100 méadar.

Tá Coiste Chéibh an tSrutháin ag súil go gcaithfear in aer an plean atá ag Uisce Éireann mar go mbeadh sé an-achrannach an fad 100 méadar a bhaint amach ansin.  

Beidh éisteacht ó bhéal ar an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a rinne Uisce Éireann ar an suíomh ag Céibh an tSrutháin ag deireadh na míosa seo chugainn.