Tá imní léirithe ag Ranna Tíreolaíochta in ollscoileanna na tíre go bhfuil tíreolaíocht bainte de liosta na gcroí-ábhar sa Teastas Sóisearach.
I litir a foilsíodh ar an Sunday Independent inné, dúirt acadóirí sinsearacha go bhfuil ról lárnach ag an tíreolaíocht i dtaca le tuiscint agus réiteach a fháil ar fhadhbanna domhanda cosúil le hathrú aeráide agus bochtanas, agus gur chóir é a thabhairt ar ais mar chroí-ábhar.
Baineadh tíreolaíocht agus stair de liosta na gcroí-ábhar a gcaithfear staidéar a dhéanamh orthu don Teastas Sóisearach anuraidh, agus is ábhair roghnacha iad ó shin.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ inniu, dúirt an Dr Pádraig Ó Carmada, ceannasaí na Roinne Tíreolaíochta i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, go gceapann sé féin go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh daltaí in ann cúrsaí tíreolaíochta a phlé.
"Sular tháinig mé go Coláiste na Tríonóide, bhí mé ag múineadh sna Stáit Aontaithe agus ní raibh a fhios ag daltaí ansin cá raibh tíortha éagsúla timpeall an domhain. Ní bheidh daltaí mar seo in ann a bheith ag plé le ceisteanna móra ar nós cá bhfuil daoine chun cónaí. In Éirinn anois, tá fadhb mhór againn le easpa dídine agus tá [Ranna Tíreolaíochta] ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú.
Athrú aeráide mar shampla, an daibhreas ar fud an domhain ... níl ach domhan amháin againn agus is é an tíreolaíocht an t-aon ábhar ina bhfuil staidéar ar chúrsaí eolaíochta agus sóisialta ag baint leis. Caithfidh muid a bheith abálta na rudaí sin a chur ... le chéile má theastaíonn uainn na fadhbanna a réiteach."
Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin, dúirt ceannasaí na Roinne Tíreolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an Dr Kieran Hickey go bhfuil éileamh mór ar an tíreolaíocht i gcoláistí triú leibhéal go háirithe agus gur cinneadh uafásach a bhí ann é a bhaint de liosta na gcroí-ábhar.
Tá athbhreithniú ar bun faoi láthair ag an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an chinneadh.