Tugtar le fios i suirbhé gairid atá déanta ag Coiste Pleánala Teanga Acla i gCo Mhaigh Eo go labhraíonn 19% de phobal an oileáin Gaeilge gach lá.
Deir an coiste go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar thitim thubaisteach an daonra in Acaill agus ar an easpa fostaíochta ar an oileán má táthar leis an nGaeilge a láidriú ann.
De réir Dhaonáireamh 2016, os cionn 3,000 duine atá ag cur fúthu in Acaill. Tá 2,000 acu lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta an oileáin.
Bunaíodh an coiste dhá bhliain ó shin le plean teanga seacht mbliana a chur i dtoll a chéile.
Dúirt rúnaí an choiste Majella Uí Ghallchóir go léiríonn an suirbhé go bhfuil pobal Acla an-dearfach faoin nGaeilge.
"Níl muid róshásta le líon na ndaoine a deir go bhfuil siad ag labhairt na Gaeilge gach lá ach caithfidh muid tógáil air sin. Creidim féin go bhfuil sé i bhfad níos airde ná sin ach go bhfuil easpa misnigh ar dhaoine.
Tá a fhios againn céard atá ag teastáil ó dhaoine, tá ranganna Gaeilge uathu, ba mhaith leo níos mó Gaeilge a chloisteáil agus a fheiceáil ar an oileán. Is é an dúshlán atá ann dúinne anois ná céard gur féidir linne mar choiste a dhéanamh chun a chinntiú go nglacfar leis an bplean seo."
Dúirt ball eile den choiste Tomás Mac Sheáin go dteastaíonn fostaíocht agus córas leathanbhanda le daoine a mhealladh ar ais ón iasacht chun an oileáin.
Tá cruinniú poiblí á reáchtáil anocht in Acaill le muintir na háite a chur ar an eolas faoi thorthaí an tsuirbhé agus le plean gnímh a bheartú.
Tá súil ag an gcoiste go mbeidh an plean teanga réitithe acu an mhí seo chugainn.