skip to main content

Comhlacht as Gaillimh ag lorg costais dlí ar áisíneacht Stáit

Comhlacht as Gaillimh ag lorg costais dlí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit
Comhlacht as Gaillimh ag lorg costais dlí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit

San Ard-Chúirt inniu, cuireadh aighneachtaí faoi bhráid an Bhreithimh Max Barrett maidir leis na costais a bhain le cás a thug comhlacht clódóireachta as Gaillimh i gcoinne Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Anuraidh, bhronn Coimisiún na Scrúduithe Stáit conradh ar chomhlacht sa Bhreatain, RM Results, le córas marcála ar líne a chur ar fáil.

Chuaigh iomaitheoir eile sa phróiséas tairsceana - KPW Print Management atá bunaithe i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe - chun na hArd-Chúirte ag lorg athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh sin.

Mhaígh KPW go raibh Coimisiún na Scrúduithe Stáit claonta i bhfabhar RM Results.

Sular éist an Ard-Chúirt leis an gcás, scríobh Coimisiún na Scrúduithe Stáit chuig KPW á rá go raibh siad lena gcinneadh an conradh a bhronnadh ar RM Results a chur ar ceal agus go raibh siad le tús a chur leis an bpróiseas tairsceana arís ón tús. 

Ina fhianaise sin, chuir KPW a n-iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar ceal ach tá siad ag iarraidh go n-íocfaí a gcuid costas dlí leo.

Tabharfaidh an Ard-Chúirt breith faoi na costais i gceann coicíse.