Ar Bhóthar na Spéire taobh thiar de bhaile mór an Chlocháin i bhfíoriarthar Cho na Gaillimhe atá ceann de na radharcanna is fearr le fáil ón gcósta ar Ardoileán trí chiliméadar go leith amach san Aigéan Atlantach.

Áirítear go raibh lonnaíocht daonna ansin ag dul siar 3,000 bliain, agus faoin 7ú haois bhí manaigh ag cur fúthu ansin go tréan.

Idir na blianta 1969 agus 1998 ba leis an bhfile Richard Murphy an t-oileán 80 acra. Cheannaigh dlúthchara leis, Féichín Mulkerrin, ansin é. Anois, tá seisean ag díol an oileáin a bhfuil luach ardoidhreachta agus comhshaoil aige.

(Pic: Ceantálaithe Spencer) 

Dúirt an seandálaí Michael Gibbons go bhfuil súil aige go gceannóidh an Rialtas an áit.

Ceantálaithe Spencer in Uachtar Ard atá ag díol na háite. €1.25 milliún atá á lorg. Deirtear go bhfuil a lán spéise léirithe cheana féin ag daoine ón iasacht ó cuireadh ar an margadh é Dé hAoine seo caite.