skip to main content

Beartas tithíochta an Stáit cáinte ag Ollamh le Polasaí Sóisialta

An tOllamh Tony Fahey, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
An tOllamh Tony Fahey, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Chosain an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy an méid atá an Rialtas le caitheamh ar íocaíochtaí cúnaimh tithíochta, nó HAP, i mbliana. €400 milliún a chaithfear i mbliana, ardú beagnach €100 milliún  ar an mbliain anuraidh.

Dúirt an tAire Murphy gur theastaigh an t-airgead le daoine a choinneáil amach as lóistín éigeandála agus le nach mbeidís fágtha gan dídean. 

Tá cur chuige an Stáit maidir leis an ngearchéim tithíochta cáinte go láidir ag saineolaí polasaí sóisialta, áfach. 

Dúirt an tOllamh Tony Fahey ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil an Stát ag brath an iomarca ar an earnáil phríobháideach agus nach fios cén dochar atá á dhéanamh don chóras tithíochta dá bharr. 

Bhí sé leagtha amach mar sprioc ag an Rialtas faoin bplean Atógáil Éireann a fograíodh in 2016 go mbeadh 35,000 teach sóisialta tógtha faoin mbliain 2022.

An tAire Tithíochta, Eoghan Murphy (Pic: Getty)

Ach ní bhainfidh an Rialtas an sprioc sin amach, a dúirt an tOllamh Fahey, i bhfianaise nár tháinig ach beagán os cionn 4,000 teach sóisialta nua ar an bhfód anuraidh. Dá leanfaí den mhodh oibre sin, níos lú ná leath na dtithe atá beartaithe a bheadh tógtha faoi 2022, a dúirt sé.

Tá €400 milliún le caitheamh ar íocaíochtaí cúnaimh tithíochta, nó HAP, i mbliana, ardú beagnach €100 milliún ar 2018 agus agus ardú €247 milliún ar 2017.

Dúirt an tOllamh Fahey gur beart éigeandála atá i gceist le HAP agus gur léir go bhfuil an Rialtas ag brath i bhfad an iomarca ar an earnáil phríobháideach le réiteach a fháil ar an bhfadhb.

Níl dóthain tithíochta sóisialta ar fáil agus tá an córas ag dul chun sochair do thiarnaí talúin agus don earnáil phríobháideach, a dúirt sé.

Tá daoine eile nach bhfuil ag brath ar thithíocht shóisialta thíos leis chomh maith, a mhaígh sé. Cuir i gcás, bíonn ceannaitheoirí tí céaduaire i gcomórtas le hinfheisteoirí agus tiarnaí talún sa mhargadh príobháideach. Go minic, bíonn an lá ag na hinfheisteoirí. Fáinne fí atá sa chóras tithíochta dá bharr. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, ní fios cén dochar a dhéanfar i bhfad na haimsire, a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dala Bríd Smith ón gComhaontas Pobal Seachas Brabús go bhfuil géarghá le tithíocht shóisialta agus go bhfuil an scéal ag dul i ndonas lá i ndiaidh lae.

Bríd Smith TD

Dúirt sí gur chóir breis tógála a cheadú ar thalamh Stáit agus iachall a chur ar úinéirí talún i gceantair uirbeacha tithíocht shóisialta a thógáil ar an talamh atá acu.

Dúirt an tAire Murphy gur tógadh breis is 4,000 teach sóisialta nua anuraidh. Teach sóisialta a bhí i ngach teach as gach ceithre cinn a tógadh anuraidh, a dúirt sé.