Tá glactha ag baill den cheardchumann SIPTU i monarcha RA Pacáistí i bPáirc Gnó Ghaoth Dobhair le comhaontú leis an chomhlacht maidir le haitheantas agus ráta pá agus struchtúr grád dá n-oibrithe.
Tá ardú pá 6% in imeacht trí bliana sa chomhaontú chomh maith le haitheantas do chearta SIPTU ionadaíocht a dhéanamh orthu.
Dúirt ionadaí SIPTU Declan Ferry gur ghlac an chuid is mó den 100 oibrí ar baill den cheardchumann leis an socrú agus go gcuirfear i bhfeidhm anois é. 225 oibrí ar fad atá ag obair sa mhonarcha.
I mí Mheán Fómhair anuraidh, chuaigh oibrithe SIPTU sa mhonarcha ar stailc.
Rialaigh an Chúirt Oibreachais ceithre mhí roimhe sin go gcaithfeadh bainistíocht RA Pacáistí aitheantas a thabhairt do cheardchumainn sa chomhlacht agus go leasófaí cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus coinníollacha oibre na foirne.