skip to main content

Ceist faoi cé a dhéanfas tástáil ar smearthaí ceirbheacs feasta

Marie O'Connor
Marie O'Connor

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil thart ar 78,000 sampla a tógadh ó mhná faoin gClár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs nach bhfuil scrúdaithe fós agus go bhfuil sé ag tógáil suas le 27 seachtain sula mbíonn torthaí ar fáil. 

Tá imní léirithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé ag tógáil 93 lá ar an meán ar shaotharlanna torthaí tástálacha a chur ar fáil.

Tháinig brú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs i gcaitheamh an tsamhraidh mar gheall ar imní a bhí ar mhná faoi thorthaí míchruinne a tugadh do mhná áirithe i ndiaidh tástálacha a bheith déanta orthu.

In iarracht an imní sin a bhainistiú, d'fhógair an Rialtas go mbeadh atástáil saor in aisce ar fáil do mhná, rud a rinne go leor acu. 

Thug oifigigh ón Roinn Sláinte agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an t-eolas is deireanaí faoin gclár scagthástála do Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais ar maidin.

Dúirt Anne O'Connor, ard-stiúrthóir eatramhach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, leis an gcoiste go bhfuil imní ar an eagraíocht go bhfuil an oiread moille ar thorthaí tástálacha.

Dúirt sí go bhfuil líonrith ar mhná agus iad ag fanacht le scéala. Mhaígh sí go bhfuil an Fheidhmeannacht ag iarraidh socruithe a dhéanamh leis an scéal a chur ina cheart.

Thug sí le fios freisin go bhfuil an Fheidhmeannacht le saotharlann dá gcuid féin a bhunú arís chun go mbeadh ar a gcumas scrúdú a dhéanamh ar thástálacha ann.

Dúirt an t-údar agus an tráchtaire ar chúrsaí sláinte Marie O'Connor, áfach, nach bhfuil sé soiléir fós cé a bheas ag plé le tástálacha smearaidh go dtí go mbeidh an tsaotharlann seo ag feidhmiú.

Tástáil smearaidh (Pic:Getty)

"Tógfaidh sé achar an-fhada saotharlann den chineál seo a chur ar bun in ospidéal an Choim. Idir an dá linn, níl sé iomlán soiléir go fóill cén comhlacht a bheas ag plé le tástálacha atá le déanamh. Tuigtear go bhfuil conradh amháin sínithe ag an Rialtas le saotharlann áirithe, ach níor dúradh linn cén ceann.

Tuigtear go bhfuil comhráití ar bun ag an Roinn le saotharlann eile. Is feidir glacadh leis gurb iad Quest i Meiriceá agus MedLab, saotharlann phríobháideach anseo i mBaile Átha Cliath, na saotharlanna atá i gceist, ach níl sé deimhnithe fós.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Jim Breslin ag an gComhchoiste Sláinte ar maidin gur shocraigh an Rialtas breis tástálacha a chur ar fáil do mhná an samhradh seo caite in iarracht daoine a chur ar a suaimhneas faoin gconspóid. Ach a mhalairt ar fad atá ag tarlú anois, agus fanacht 93 lá ar an meán ar torthaí sleamhnáin.

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas dul i gcomhar le hOspidéal an Choim chun saotharlann náisiúnta a bhunú. Tógadh cinneadh níos mo ná deich mbliana ó shin saotharlanna na tíre seo a dhúnadh, agus déanadh na seirbhísí scágthástacha a phríobháidiú agus a sheachfhoinsiú.  

D'imigh an fhoireann oilte a bhi ag obair sna saotharlanna seo, agus tá an greasán sin briste.  Glacfaidh sé tamall eile na seirbhísí seo a thabhairt ar ais, más é sin atá i gceist le polasaí an Rialtais."