skip to main content

Theresa May sásta glacadh le cúlstad 'de chinéal éigin'

Theresa May agus Jean-Claude Juncker (Pic: Getty)
Theresa May agus Jean-Claude Juncker (Pic: Getty)

Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker le Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach rachaidh an tAontas Eorpach i mbun idirbheartaíochta arís ar shocrú imeachta na tíre as an Aontas.

Bhí cruinnithe ag Theresa May le ceannairí an Aontais sa Bhruiséil inniu féachaint le hathruithe a mbeadh ceangal dlí leo a bhaint amach maidir leis an chúlstad in Éirinn.

Bhí cruinniú bríomhar ach fiúntach ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Junker agus ag Theresa May, a dúradh i gcomhráiteas. 

Tharraing Theresa May ceist an chúlstad anuas ach dúradh gur thug Jean-Claude Junker le fios arís nach rachaidh an tAontas i mbun idirbheartaíochta arís ar an chonradh aistarraingthe.

Ina áit, d'fhéadfaí foclaíocht a chur leis an dearbhú polaitiúil faoin chaidreamh a bheas idir an tAontas agus an Bhreatain amach anseo, a dúirt Juncker léi.  Níl aon ceangal dlí ag baint leis an dearbhú polaitiúil.

Dúirt urlabhraí Theresa May tráthnóna go dtuigeann sí go mbeidh uirthi glacadh le cúlstad de chinéal éigin agus gurb in a bheas faoi chaibidil sna cainteanna leis an Aontas Eorpach.

Bhuail Theresa May le hionadaithe sinsearacha i bParlaimint na hEorpa agus le hUachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk chomh maith.

Donald Tusk (Pic: Getty)

Inné, dúirt Donald Tusk go raibh "áit faoi leith in ifreann" do pholaiteoirí a chuir an Breatimeacht chun cinn agus gan plean dá laghad acu dó.

Dúirt Theresa May gur phléigh sí é seo le Donald Tusk ag deireadh a cruinnithe leis tráthnóna agus gur chuir sí in iúl dó gur chuir an chaint a rinne sé díomá ar go leor daoine sa Bhreatain.

Is ar iarrachtaí teacht ar chomhaontú a ba chóir a n-aird a bheith díríthe, a dúirt sí, agus thug sí le fios go bhfuil sí meáite ar dhealú na Breataine ón Aontas a chur i gcrích taobh istigh den spriocam atá leagtha síos.

Dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Antonio Tajani gur tubaiste amach is amach a bheadh ann dá bhfágfadh an Bhreatain gan margadh a bheith déanta.

Antonio Tajani (Pic: Getty)

Beidh cainteanna ag Theresa May leis an Taoiseach Leo Varadkar i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Jeremy Corbyn litir chuig Theresa May ina ndúirt sé má tá a pháirtí le tacú lena cuid moltaí go gcaithfeadh sí a bheith sásta páirt a ghlacadh in aontas custaim.