skip to main content

Scéalta pearsanta leanaí Thuama le hinseacht

Scéalta pearsanta leanaí Thuama le hinseacht
Scéalta pearsanta leanaí Thuama le hinseacht

Tá togra seolta ag lucht taighde in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a thabharfas deis do dhaoine a mhair in Áras Mháithreacha agus Leanaí Thuama a scéalta féin faoin saol a chaith siad ann a inseacht.

Taighdeoirí i Roinn na Staire san ollscoil faoi cheannas an Dr Sarah-Anne Buckley agus an Dr John Cunningham atá i mbun an tionscnaimh i gcomhar le Gréasán Marthanóirí Thuama.

Tá sé i gceist ag na taighdeoirí scéalta pearsanta na ndaoine a chruinniú agus a chartlannú. Chuige sin, tá an Roinn ag déanamh aithrise ar an mhodheolaíocht ar baineadh leas aisti i i dtíortha eile cosúil an Astráil, mar ar labhraíodh go díreach le daoine a mhair in institiúidí stáit.

Coinneofar torthaí an togra stairsheanchais seo i dtaisce i gcartlann Leabharlann James Hardiman san ollscoil.

796: An líon leanaí a shíltear ar fágadh a gcoirp i ndabhach séarachais ag an Áras Mháithreacha agus Leanaí i dTuaim. Cuid é den saothar 'Leanaí Thuama' leis an ealaíontóir Olga Magliocco.

Seoladh an togra ag seimineár san ollscoil ar maidin. Bhí roinnt daoine a chaith seal dá saol i dTuaim páirteach sa seimineár.

Ócáid phríobháideach a bhí ann agus ní raibh cead isteach ag na meáin le daoine a bheadh goilliúnach faoinar tharla dóibh i dTuaim a chosaint.