skip to main content

Imní faoin gceimiceán ciainíd ag láthair óir i dTír Eoghain

Mianach óir beartaithe don láthair seo sna Speiríní
Mianach óir beartaithe don láthair seo sna Speiríní

I gcúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo, éisteadh le hathbhreithniú dlíthiúil ar chead pleanála atá iarrtha ag an chomhlacht Dalradian mianach óir a fhorbairt in iarthar Thír Eoghain.

Thosaigh an comhlacht ag déanamh tástálacha 10 mbliana ó shin ar láthair i sléibhte na Speiríní 30 míle siar ón Ómaigh ach chuir grúpa áitritheoirí i Rúscaigh, sa Chaisleán Glas agus sa Ghoirtín in éadan an togra.

D’iarr siad an t-athbhreithniú mar go maíonn siad go raibh lochtanna ar an phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil an comhlacht mar chuid den iarratas. 

Tá imní orthu freisin faoin tionchar a bheadh ag an togra ar shláinte an phobail agus ar chaighdeán uisce an cheantair. Tá imní ar leith orthu faoin gceimiceán ciainíd a mbaintear feidhm as leis an ór a thochailt. 

Ionad Dalradian in iarthar Thír Eoghain

Dúirt an comhlacht go bhfuil an t-iarratas pleanála casta ach nach raibh aon locht ar an phróiseas.

Dar leo freisin go bhfuil luach £3 billiún d'ór sa talamh agus gurbh fhiú £750 milliún d’eacnamaíocht an Tuaiscirt an togra.

Sa chúirt an tseachtain seo, mhaígh an grúpa áitritheoirí go raibh difríocht mhór idir an plean a thaispeáin an comhlacht don phobal agus an t-iarratas a rinne siad sa deireadh

Ag labhairt di le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Sinéad Ní Mhearnóg atá ina cónaí sa cheantar gurb é an cuspóir a bhí leis an athbhreithniú cur ina luí ar an Stát agus ar an Roinn Infreastruchtúir sa Tuaisceart "a bheith freagrach as na rialacha atá i bhfeidhm cheana féin agus a chuirfear i bhfeidhm, agus a chinntiú go raibh an pobal ar an eolas faoin iarratas ceart a rinne Dalradian, agus go raibh an comhairliúchán ar aon dul leis an iarraats céanna sin."

Sinéad Ní Mhearnóg

Dúirt Peter McKenna, Bainisteoir Caidreamh Poiblí Dalradian linn "gur iarratas casta lán de mhionsonraí atá ann ach gur oibrigh an comhlacht go dlúth leis na pleanálaithe agus le saineolaithe éiceolaíochta agus timpeallachta le mianach d’ardchaighdeán a fhorbairt agus leis an lorg is lú agus is féidir a fhágáil ar an taobh tíre máguaird."

Peter McKenna

Sa chúirt an tseachtain seo, mhaígh dlíodóirí Dalradian gur eagraigh siadsan cruinnithe poiblí sa cheantar i bhFómhar na bliana 2016 leis an phlean a mhíniú do mhuintir na háite.

Shéan siad nach raibh sna cruinnithe seo ach cur i gcéill.

Tá súil le toradh ar an athbhreithniú coicís ó amárach.