skip to main content

Oispís na Gaillimhe: suíomh eile le roghnú?

Oispís na Gaillimhe: suíomh eile le roghnú?
Oispís na Gaillimhe: suíomh eile le roghnú?

I mí Lúnasa anuraidh, thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe cead pleanála d’Oispís na Gaillimhe ionad úr 36 leaba a thógáil ar thailte le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte in aice le hOspidéal Pháirc Mhuirlinne sa chathair.

Ach arú inné, chuir an Bord Pleanála an cead sin ar neamhní ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhshaol. 

Rinne Cairde Choillte Mhuirlinne achomharc in éadan an chead pleanála ar an bhunús gur chreid siad go ndéanfadh an tógáil dochar don ilghnéitheacht fiadhúlra ar an suíomh agus go gcaillfeadh pobal an cheantair áiseanna áineasa.

Dúirt Tomás Ó Dubhda ón ghrúpa nach bhfuil deacracht dá laghad acu le hOispís na Gaillimhe a bheith ag iarraidh áis níos mó a fhorbairt ach gur leis an suíomh atá roghnaithe acu atá an deacracht.

Dúirt sé go bhfuil súil aige go roghnóidh Oispís na Gaillimhe agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte láthair éigin eile taobh istigh de na tailte 83 acra talún atá acu i bPáirc Mhuirlinne.

"Tá an talamh aneo i gCoillte Mhuirlinne ar cheann de na cúiseanna ar bronnadh Bratach Ghlas na timpeallachta ar Chathair na Gaillimhe," a dúirt Tomás Ó Dubhda.

"Mar sin, ní thuigeann muid cén fáth ar roghnaigh siad an suíomh áirithe seo atá an-luachmhar ó thaobh fiadhúlra de, seachas aon chuid den 83 acra eile anseo atá i seilbh na Feidhmeannachta Sláinte."

Dúirt an Comhairleoir Cathrach ó Shinn Féin Mairéad Farrell go gcaithfidh an Oispís agus an Fheidhmeannacht suíomh eile a roghnú as na tailte atá criosaithe d'fhorbairtí den chineál seo.

Ní raibh Oispís na Gaillimhe ábalta urlabhraí a chur ar fáil inniu ach tá a ndíomá le cinneadh an Bhoird Phleanála curtha ina iúl acu.

Dúirt an bhainistíocht le Nuacht RTÉ/TG4 go mbeidh cruinniú de bhord na hOispíse ann Dé Céadaoin seo chugainn ag a bpléifear an cinneadh.