skip to main content

Fíneáil €0.5m gearrtha ar ghnólacht faoi bhás fir san ionad oibre

Teach Cúirte Chaisleán an Bharraigh
Teach Cúirte Chaisleán an Bharraigh

Tá fíneáil leathmhilliún euro gearrtha ar chomhlacht coincréite agus cairéil i gCo Mhaigh Eo maidir le bás fir de bharr timpiste san ionad oibre ceithre bliana ó shin.

Bhásaigh Joseph Harrington, 27 bliain d'aois, nuair a thit sé isteach i meilteoir cloch ag ionad Harrington in Achadh Mór, in aice Bhéal Átha hAmhnais, i mí an Mheithimh 2015. Ní raibh aon ghaol ag an té a bhásaigh le húinéirí an chomhlachta. 

Bhí Joseph Harrington ag obair cúig mhéadar os cionn an mheilteora nuair a thit sé. Is cosúil go raibh sé ag iarraidh rud éigin a bhí i bhfostó sa mheilteoir a scaoileadh ach ní raibh aon bhacainn timpeall air a chuirfeadh cosc ar dhuine titim isteach ann. Bhásaigh sé ar an toirt.

D'fhiosraigh an tÚdarás Sláinte agus Sábhailteachta an eachtra agus phléadáil an comhlacht ciontach i reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta a shárú. 

Ionad Harrington in Achadh Mór, Co Mhaigh Eo

I gCúirt Chuarda Choiriúil Chaisleán an Bharraigh inniu, dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur údar mór náire é - i bhfianaise bhás Joseph Harrington - go bhféadfaí an timpiste a sheachaint go héasca.

Ghlac sé leis go bhfuil aiféala ar an gcomlacht faoin méid a tharla agus go bhfuil beartais sábháilteachta curtha i bhfeidhm acu ó shin.

Dúirt an Breitheamh McCabe gur theastaigh uaidh a chur ina luí ar fhostóirí eile nach bhfuil aon ghlacadh lena leithéid de shárú sláinte agus sábhailteachta, agus nach raibh an dara rogha aige ach pionós a ghearradh ar chomhlacht Harrington.  

Thug sé 6 mhí don chomhlacht an fhíneáil €500,000 a íoc.