Tá sé deimhnithe ag an gcomhlacht teicneolaíochta HID Global tráthnóna go bhfuil siad lena n-ionad i ndeisceart Chonamara a bhogadh isteach go cathair na Gaillimhe. Tá 120 duine fostaithe ag an gcomhlacht ar an Tulach i gCois Fharraige ón mbliain 2003.

"Buille mór do dheisceart Chonamara a bheas ann" a dúirt gnólachtaí áitiúla le Nuacht RTÉ/TG4 inniu.

Cuireann HID Global tairgí teicneolaíochta ar nós pasanna taistil ar fáil. Is cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é HID Global agus tá tacaíocht beagnach €2 milliún tugtha ag an Údarás dóibh ó lonnaigh siad i gConamara.

Tráthnóna, chuir lucht bainistíochta HID Global an fhoireann ar an eolas go bhfuil an comhlacht le haistriú go Gaillimh as seo go ceann ocht mí dhéag.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht ionad nua a thógáil in eastát tionsclaíochta leis an Údarás Forbartha Tionscail.

Shéan an tÚdarás Forbartha Tionscail le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil siad sáite sa scéal agus dúirt siad nach raibh aon lámh acu san idirbheartaíocht. Dúirt urlabhraí nach ndéarfaidh siad tada faoin scéal mar nach cliantchomhlacht da gcuid féin é HID Global. 

Dúirt HID Global agus Údarás na Gaeltachta go ndéanfaidh siad ráiteas poiblí Dé hAoine maidir lena bhfuil i ndán don chomhlacht in Éirinn.