skip to main content

"Muid i gcónaí ag gabháil leithscéal le hothair"

"Muid i gcónaí ag gabháil leithscéal le hothair" - an Dr Mary Regan
"Muid i gcónaí ag gabháil leithscéal le hothair" - an Dr Mary Regan

Léirsigh dochtúirí teaghlaigh taobh amuigh de Theach Laighean inniu agus iad ag éileamh go ndéanfaí infheistíocht níos fearr ina réimse féin.

Deir an Cumann Náisiúnta Dochtúirí Teaghlaigh gur ghlac thart ar 300 ball den eagraíocht páirt san agóid. Thart ar 2,000 ball ar fad atá ag an gcumann.

Maíonn siad go bhfuil dochtúirí teaghlaigh tréigthe ag an Rialtas mar nach bhfuil dóthain infheistíochta á dhéanamh san earnáil agus go bhfuil ciorrutithe ar tháillí dochtúirí a tugadh isteach san am atá caite fós i bhfeidhm. 

Ag labhairt dó ag an agóid inniu, dúirt cathaoirleach an Chumainn an Dr Andrew Jordan gur chóir maoiniú na seirbhíse a dhúbailt ó €555 milliún sa bhliain go dtí €1,000 milliún.

Léirsiú na ndochtúirí teaghlaigh ar Shráid Theach Laighean

Bhí an Dr Mary Regan as Cnoc na Cathrach i nGaillimh i measc na léirsitheoirí inniu agus labhair sí linn faoin imní atá uirthi.

"Má theastaíonn uainn go bhfanódh dochtúirí teaghlaigh nua sa tír seo, caithfidh muid rud éigin a dhéanamh mar tá an córas briste.

Ní cúis áthais domsa na d'aon duine eile a bheith anseo inniu agus níor cheap mé riamh go mbeadh orainn theacht chomh fada seo chun go n-éisteodh duine éigin lenár bhfadhbanna. D'fhéadfá rá go bhfuil cúrsaí ar tí pléascadh.

Níl muid in ann an cúram agus na seibhísí gur mhaith linn agus atá tuillte ag othair a thabhairt dóibh.  Nuair a ghlaonn siad orainn níl muid in ann coinne a shocrú doibh an lá céanna an oiread agus a ba mhaith linn. Tá muid i gcónaí ag gabháil leithscéal le hothair."

Dúirt an Dr Bríd Breathnach atá ag obair i gclinic i mBaile Uí Thaidhg i gCo Chiarraí nach bhfuil go leor ama ag dochtúirí anois agus nach bhfaigheann siad go leor airgid le cúram ceart a thabhairt d'othair. "Tá géarchéim ag teacht agus tá eagla orm mar gheall air sin," a dúirt sí.

Is dochtúir teaghlaigh é Seán Ó Cathasaigh atá ag obair ar an gClochán i gConamara le os cionn dhá scór bliain. Dúirt sé go bhfuil sé an-deacair ar dhochtúirí anois cúram ceart a thabhairt d'othair ó ciorraíodh a dtáillí le deich mbliana. "Tá sé deacair anois dochtúirí nua a fháil i gConamara agus ar chósta an Iarthair," a dúirt sé.

"Tá go leor daoine ag dul thar lear, dochtúirí a bhfuil oiliúint faighte acu sa tír seo," a dúirt an Dr Eddie Harty atá éirithe as mar dhochtúir ar an gCeathrú Rua le bliain. 

An Dr Eddie Harty

"Tá os cionn 3,000 dochtúir teaghlaigh againn sa tír seo, ach níl ach 90 dochtúir, nó níos lú ná sin fiú, atá faoi 35 bliain d'aois agus atá ag obair sa chóras faoi láthair," a dúirt Uachtarán an Chumainn an Dr Maitiú Ó Tuathail. "Tá fadhb mhór mhillteach againn," a dúirt sé.