Bhí a gcéad chruinniú inniu ag an ochtar oifigeach pleanála teanga agus beirt oifigeach cúnta atá ceaptha go dtí seo i Limistéir Phleanála Teanga sa Ghaeltacht.
Tháinig siad le chéile ag ócáid a bhí eagraithe ag Údarás na Gaeltachta i mBaile Chláir na Gaillimhe.
Tá buiséad bliantúil €100,000 nó €150,000 ar fáil do na ceanneagraíochtaí a fhostaíonn na hoifigigh chun an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm ina gceantair.
Ag deireadh na bliana 2018, bhí plean teanga réitithe agus ceadaithe do thrí cinn déag de na Limistéir Phleanála Teanga ar fud na tíre agus infheistíocht de €1.49 milliún ceadaithe d'fheidhmiú na bpleananna.
Tá cuid de na hoifigigh ag tabhairt faoina bpoist le roinnt míonna agus tá cuid eile acu díreach ag tosú. Seacht bpost déag atá i gceist le hearcú oifigigh phleanála teanga agus oifigigh chúnta, agus inniu den chéad uair bhí siad in ann a gcuid tuairimí agus dúshláin a phlé ag ceardlann eolais agus oiliúna i mBaile Chláir na Gaillimhe.
Is iad an deichniúr a earcaíodh go dtí seo Dónal Ó Cnaimhsí agus Oisín Mac Éo ó Chomharchumann Ghaoth Dobhair, Mícheál Mac Aoidh ó Phobal Eascarrach, Irial Ó Ceallaigh ó Chomhlacht Forbartha na nDéise, Rosaí Nic Cárthaigh ó Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Cristín de Mórdha ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Cristín Ní Eanacháin ó Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach, Laoise Ní Dhúda ó Ghaeilge Iorrais, Briocán Baireád ó Fhorbairt Chonamara Láir agus Hannah Ní Bhaoill ó Chomharchumann Ráth Chairn.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil na hoifigigh ar fad ag caint le chéile ionas go mbeadh tuiscint acu ar na dúshláin atá rompu, agus freisin go mbeadh an tacaíocht chuí á fáil acu ó Údarás na Gaeltachta agus gurb í dul chun cinn na teanga is tábhachtaí sa phróiseas.
Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnaola i gCo Dhún na nGall Micheál Mac Aoidh, an chéad oifigeach a earcaíodh, go bhfuil súil aige go mbeifear in ann an infheistíocht a fháil le go gcuifí na pleananna atá beartaithe i gcrích.
Táthar ag súil go mbeidh ocht bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid Roinne na Gaeltachta i rith 2019. Dá réir sin, d'fhéadfadh go mbeadh suas le 24 plean teanga á gcur i bhfeidhm i dtrí cinn is fiche de na Limistéir Phleanála Teanga agus i mBaile Seirbhíse Gaeltachta amháin faoi dheireadh 2019.