skip to main content

Plean tithe a thógáil do dhaoine gan dídean caite i dtraipisí

Plean tithe a thógáil do dhaoine gan dídean i mBarra an Teampaill caite i dtraipisí
Plean tithe a thógáil do dhaoine gan dídean i mBarra an Teampaill caite i dtraipisí

Tuairiscítear go bhfuil plean Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le cúig theach a thógáil ar bhonn práinne do dhaoine gan dídean sa chathair caite i dtraipisí tar éis do na conraitheoirí a rá go gcosnódh na tithe €3 milliún, nó €600,000 an ceann.

Dúirt an Comhairleoir Cathrach Neamhspleách Mannix Flynn nach bhfuil an praghas seo i gclár ná i bhfoirm agus gur chóir fiosrúchán a bhunú faoin mbealach a n-oibríonn an córas tairisceana.

Bhíothas ag súil go dtosófaí ag tógáil na dtithe seo i Sráid Sheamlas an Éisc i mBarra an Teampaill an mhí seo agus go mbeidís críochnaithe faoin bhFómhar.

Ach tuairiscítear go bhfuil an Chomhairle Cathrach agus an Roinn Títhiochta den bharúil anois nach bhféadfaí dul chun cinn leo de bharr an costas a bheith ró-ard.