ANAILÍS Tá sé ráite ag Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon go bhfoilseofar plean don dara reifreann ar neamhspleáchas na tíre idir seo agus 29 Márta, tráth a bheas an Bhreatain ag fágáil an Aontais Eorpaigh.

De réir Acht na hAlban, níl aon dualgas ar Rialtas na Breataine cead a thabhairt do Rialtas na hAlban an dara reifreann a ghairm agus i láthair na huaire tá Sráid Downing ag diúltú scun scan dó.

Drochsheans go dtiocfaidh maolú ar an dearcadh seo, ach b'fhéidir san fhadtréimhse gur mó an dochar ná an maitheas a dhéanfadh a leithéid de chur chuige dóibh siúd atá ag iarraidh go bhfanfadh Albain sa Ríocht Aontaithe.

Tá an chaint seo ar bun ag am nuair atá Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba faoi scamall mór agus a n-iarcheannasaí Alex Salmond ag séanadh cúiseanna a bhaineann le hiarracht ar éigniú, le hionsaithe mígheanasacha agus le briseadh síochána. 

Alex Salmond

Mar bharr ar an donas sin, tá iar-Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí na tíre seo James Hamilton ag fiosrú líomhaintí sárú eitice atá curtha i leith Nicola Sturgeon í féin.

Maítear gur chas an Chéad-Aire le hAlex Salmond fad is a bhí líomhaintí faoi chiapadh gnéis ina éadan á bhfiosrú.

Cé nach mian le baill de Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba a leithéid a admháil, d’fhéadfadh go mbeadh na líomhaintí éagsúla seo ar thús cadhnaíochta sa díospóireacht ar an neamhpleáchas dá ngairmfí reifreann eile go luath.

Tá Nicola Sturgeon ag diúltú aon ní a rá faoi chás Salmond – agus an ceart ar fad aici – ach maíonn sí nach mbeidh aon tionchar aige ar thoradh an reifrinn mar go bhfuil cás an neamhspleáchais níos treise ná aon fhear nó aon bhean aonair.

Nicola Sturgeon

Mhaígh an t-iar-Thaoiseach Bertie Ahern ar chlár Andrew Marr ar an BBC ar na mallaibh gur cheart reifreann ar neamhspleáchas a chur siar go deireadh na bliana 2020 nuair a bheadh deireadh leis an idirthréimhse dhá bhliain tar éis don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach.

Tá loighic áirithe ag baint leis seo sa mhéid is nár cheart go mbeadh pobal na hAlban ag caitheamh vóta chun an Ríocht Aontaithe a fhágáil agus gan iad go hiomlán ar an eolas faoi na socruithe trádála a bheadh i bhfeidhm feasta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.

Ach tá dearmad déanta ag Bertie ar an seanrosc catha a bhíodh ag lucht réabhlóide na tíre seo ag tús an chéid seo caite - is é sin gur cheart an deis a thapú nuair a bhíonn cruachás sa Bhreatain.

Lena chois sin, beidh an chéad toghchán parlaiminte eile ar bun in Albain i mBealtaine na bliana 2021, ceithre mhí tar éis deireadh na hidirthréimhse.

Cén t-iontas, mar sin, gur mian le Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba teacht i dtír ar an chíor thuathail i Westminster a luaithe agus is féidir seachas reifreann a chur ar an mhéar fhada? Óir seans nach bhfaighidh siad deis níos fearr sna blianta beaga amach romhainn. Níl aon chinnteacht, áfach, go n-éireodh níos fearr le gluaiseacht an neamhspleáchais an dara hiarraidh.

An mbeidh an dara reifreann ann? (Pic: Getty)

I 1979, theip ar náisiúnaithe 40% de thacaíocht a fháil chun rialtas déabhlóidithe a bhunú in Albain agus d'fhoilsigh nuachtán an Glasgow Herald cartún cáilliúil de leon faiteach a bhí cuachta in aghaidh an bhalla faoin teideal "I'm feart" (tá faitíos orm). 

Ainneoin a gcuid cainte trodaí, maireann an tuairim go mbíonn eagla ar na hAlbanaigh an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh nuair a thagann an crú ar an tairne. Tá an teoiric seo bunaithe ar an sean-steiréitíopa gur mó an dílseacht atá ag an Albanach don leathchoróin ná don Choróin.

Ach má tá fírinne ar bith sa cliché úd, seans gur mó eagla a bheas orthu fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta ná a ngort fhéin a threabhadh agus iarracht a dhéanamh ballraíocht a bhaint amach sa Aontas Eorpach mar thír neamhspleách.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, go nglacfaí leo mar bhaill. De réir rialacha an Aontais, ní mór d'achan uile bhallstát a mbeannacht a thabhairt d'iarratas ó thír úr agus is cinnte nach mbeadh tacaíocht ar fáil ag na hAlbanaigh ón Spáinn (atá buartha faoi ghluaiseacht an neamhspleáchais sa Chatalóin) ná go deimhin ón Fhrainc ná ón Ísiltír, más fíor.

Beidh fadhbanna níos mó le sárú ag Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, áfach. Léirigh pobalbhreith in Iúil na bliana seo caite go bhfuil tromlach an phobail in éadan an dara reifreann nó Indyref2. Anuas air sin, cé go raibh 45% den phobal i bhfabhar neamhspleáchais i reifreann na bliana 2014, ní raibh móramh fána choinne ach i dtrí cinn den 59 toghcheantar in Albain sa reifreann.

Tá bearna shuntasach le laghdú mar sin agus ní bheidh an páirtí ábalta go leor de na féiríní a bhí á dtairiscint an uair dheireanach a chur i láthair an phobail arís.

Ceist mhór sa reifreann deireanach ab ea todhchaí ana reisimintí Albanacha in Arm na Breataine. Meastar go bhfuil tuairim is 20,000 Albanach i bhfórsaí míleata na Breataine.

Hata agus suaitheantas Reisimint Ríoga na hAlban (Pic: Getty)

Gheall Alex Salmond nach dtarraingeodh na reisimintí amach as Albain i gcás neamhspleáchais ach ba dhoiligh a shamhlú cén dóigh a bhféadfaidís fanacht anois i gcríocha de chuid an Aontas Eorpaigh.

Níl aon amhras ach an oiread ach go mbogfadh an Bhreatain a gcuid fomhuireáin núicléacha (Trident) as a mbunáit i bhFaslane ar bhruach na Cluaidh. Cé go mbeadh lúcháir ar go leor de phobal na hAlban faoi seo, tá go leor eile ag baint a mbeatha i dtír dá bharr.

Bíonn ar achan bhallstát úr san Aonas Eorpach glacadh leis an euro, agus is cinnte go mbeadh drogall ar na hAlbanaigh slán a fhágáil le sterling. Chomh maith leis sin, i gcás an neamhspleáchais, bheadh Albain ina ranníocóir de chistí an Aontas seachas ina tairbhí mar atá faoi láthair. Cá luífeadh sé sin le pobal a bhfuil taithí acu ar chaiteachas poiblí réasúnta maith agus leibhéal íseal cánach?

Ach thar aon ní eile, is cinnte go mbeadh deacrachtaí móra ag gnáth-Albanaigh le teorainn chrua idir iad agus Sasana.

Seo iad na ceisteanna cigilteacha a bheas ina n-ábhair spairne don toghlach má ghairmtear reifreann eile agus caithfidh Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba a chinntiú go mbeidh tacaíocht an phobail acu an iarrraidh seo.

Óir níl amhras ach gur buille an bháis d'aisling an neamhspleáchais a bheadh ann dá dteipfeadh an athuair ar reifreann chun Albain a scaradh ón Bhreatain.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap