Bhí agóid ar bun ag Gaeilgeoirí i nDún Laoghaire i ndeisceart Bhaile Átha Cliath aréir de bharr go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ag tabhairt neamhaird ar a n-iarratas, a deir siad, Aifreann Gaeilge a chur ar bun arís sa pharóiste.
Deir urlabhraí ó Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath go bhfuil próiseas ar bun le réiteach a fháil ar scéal.
Níor chuir an fuacht, an ghaoth ná an bháisteach aon lagmhísneach ar chuid de phobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire aréir agus iad ag léirsiú taobh amuigh de Choláiste na Croise Naofa i nDroim Conrach.
Bhí siad bailithe ansin lena míshástacht a chur in iúl d'Ard Dheoise Bhaile Atha Cliath go bhfuil deireadh curtha le hAifreann Gaeilge i Séipéal Naomh Micheál i nDún Laoghaire.
Bhí Aifreann Gaeilge sa pharóiste ar feadh leathchéad bliain go dtí gur cuireadh deireadh tobann leis bliain go leith ó shin. Deir an lucht agóide nár pléadh an cinneadh leosan, áfach.
Seoladh díolaim Gaeilge, 'Canaimis - Ceol don Aifreann' a bhí curtha in eagar ag an Athair Paul Kenny, sagart paróiste Dhún Laoghaire, i gColáiste na Croise Naofa aréir,
Tá olc ar an lucht agóide go bhfuil an tAthair Kenny sásta leabhar Gaeilge a chur in eagar, nuair nach bhfuil sé sásta freastal ar an bpobal Gaeilge ina pharóiste féin.
Ní raibh an tAthair Kenny i láthair ag an seoladh aréir agus níor éirigh linn teagmháil a dhéanamh leis faoin scéal.
Deir an pobal Aifrinn gurb é an moladh a bhí ag Coiste Tréadach na hArd-Deoise ag cruinnithe a bhí acu leo an tAifreann Gaeilge a thabhairt ar ais uair sa mhí, seachas gach Domhnach mar a theastaíonn uathu féin.
"Creill bháis" a bheadh san Aifreann míosúil nuair is ócáid seachtainiúil é ó cheart, a deir na Gaeilgeoirí.