Bhailigh muintir Iorras Aithneach in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna tráthnóna, áit ar seoladh go hoifigiúil Plean Gníomhaíochta Forbartha Cúig Bliana don cheantar.
Sa phlean, atá curtha i dtoll a chéile ag Údarás na Gaeltachta, tá spriocanna forbartha leagtha síos bunaithe ar mholtaí agus ar aiseolas atá faighte ag an áisíneacht ó choistí áitiúla agus ar thuairimí ó eagrais Stáit.
Táthar ag iarradh forbairt a dhéanamh ar chúrsaí fostaíochta sa cheantar, áiseanna turasóireachta agus oidhreachta a chruthú, chomh maith le seirbhísí leathanbhanda a fheabhsú ann.
Luaitear bonneagar na háite sa phlean, tithíocht shóisialta agus ionad séarachais poiblí ar mhaithe le borradh a chur faoin áit, chomh maith le hoiliúnt agus scileanna muirí a mhúineadh do dhaltaí sna scoileanna áitiúla.
De réir an daonáirimh dheireanaigh, bhí daonra an cheantair tite agus bhí sé ar cheann de na háiteanna is measa sa tír ó thaobh na fostaíochta de agus breis agus 40% de na daoine atá ina gcónaí ann dífhostaithe.
As seo go ceann bliana, tá sé i gceist go mbeidh fiche duine breise fostaithe sa cheantar agus cúigear breise in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin.