skip to main content

Leanfar le coiste cróinéara bhuamáil Guildford

Maraíodh ceathrar saighdiúirí Breataineacha agus sibhiatlach san ionsaí i 1974.
Maraíodh ceathrar saighdiúirí Breataineacha agus sibhiatlach san ionsaí i 1974.

Rialaigh cróinéir go leanfaí leis an gcoiste croinéara maidir le hionsaí buamála an IRA ar theach tábhairne in Guildford sa bhliain 1974. Cuireadh an coiste cróinéara ar fionraí os cionn daichead bliain ó shin.

Maraíodh ceathrar saighdiúirí Breataineacha agus sibhialtach san ionsaí i 1974.

An bhliain dar gcionn, gearradh príosún saoil as an ionsaí ar cheathrar - Gerry Conlon, Paul Hill, Paddy Armstrong agus Carole Richardson. Cuireadh na ciontuithe sin ar neamhní i 1989 agus rialaíodh gur ciontaíodh san éagóir an ceathrar. 

Nuair a ciontaíodh iad i 1975, cuireadh an coiste croinéara ar fionraí.

Ach inniu, rialaigh cróinéir go leanfaí leis mar go raibh an pobal i dteideal eolas gan smál faoin eachtra. 

Dúirt an cróinéir Richard Travers go dtuigeann sé go mbeadh finnéithe ann a fuair bás ó shin nó a bheadh an-sean, ach dúirt go raibh na daoine sa teach tábhairne an oíche úd óg agus nach mbeidís ach sna seascaidí nó sna seachtóidí anois.

Dúirt an cróinéir freisin nach raibh amhras ar bith ach gur baill den IRA Sealadach a bhí freagrach as an mbuamáil - ochtar acu in dhá charr.

Dúradh nach mbeadh deis aige ar an drochuair fiosrú faoi cé a bhí freagrach as an mbuamáil ná faoi líomhaintí gur inis póiliní bréaga le linn thriail an cheathrair.