skip to main content

Deartháir agus deirfiúr in iomaíocht a chéile do ghradam Uí Riada

Clann Uí Ghormáin, An Lios Liath, Béal na Molt, Port Láirge
Clann Uí Ghormáin, An Lios Liath, Béal na Molt, Port Láirge

Den chéad uair riamh, beidh deartháir agus deirfiúr in iomaíocht a chéile i gcomórtas ceoil Chraobh Bhonn Óir Sheáin Uí Riada.

Beidh Sarah Ní Ghormáin agus Séamus Ó Gormáin ón Lios Liath i mBéal na Molt i bPort Láirge i measc na seacht n-iomaitheoir déag don ghradam in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gathair Chorcaí trathnóna Dé hAoine. 

Casann clann Uí Ghormáin ar fad uilig an fhidil - Séamus, Seán, Ellen, Ben agus Sarah. Bhí Sarah san iomaíocht don Bhonn Óir chomh maith sa bhliain 2015.

As Port Láirge, na Stáit Aontaithe, Uíbh Fhailí, Liatroim, Ros Comáin, Ard Mhacha, Baile Átha Cliath, Laois, Corcaigh agus Sligeach na hiomaitheoirí i mbliana.

Sarah Ní Ghormáin

Séamus Ó Gormáin

Is é Ademar O'Connor, 15, as Éadan Doire in Uíbh Fhailí an duine is óige sa chraobh.

Is iad na fidléirí aitheanta Connie O'Connell, Paddy Glackin agus Maev Donnelly na moltóirí i mbliana.

Craolfar Bonn Óir Sheáin Uí Riada ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7 a chlog tráthnóna Dé hAoine.