skip to main content

Bóithre ina reothalach i roinnt mhaith áiteanna

Sioc agus leac oighir ar an mbóthar, Conamara
Sioc agus leac oighir ar an mbóthar, Conamara

Táthar ag iarraidh ar dhaoine tiomáint go cúramach mar gheall ar an sioc agus na bóithre a bheith ina reothalach i roinnt mhaith áiteanna. 

Deir Met Éireann gurb iad Dún na nGall, Liatroim agus Sligeach is measa atá buailte ag an sneachta inniu ach tá áiteanna le cósta an Atlantaigh buailte go dona ag sioc. 

Meastar go dtitfidh an teocht go dtí thart ar cheithre chéim faoi bhun an reophointe anocht. Tá fógra sneachta agus seaca i bhfeidhm ar fud na tíre go dtí Dé Sathairn. 

Ní raibh aon bhusanna scoile ar an mbóthar in áiteanna i lár tíre agus san iarthar agus bhí roinnt scoileanna sa Longfort agus i Sligeach dúnta dá bharr sin. Thit go leor sneachta thart ar Ghránard sa Longfort i gcaitheamh na hoíche. 

Tranglam tráchta i gCorcaigh

Tá go leor clamhsán déanta ar na meáin shóisialta ag daoine i nGaillimh faoi staid na mbóithre ar maidin agus an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon ghaineamh ar roinnt bóithre sa chontae.

Dúirt cathaoirleach Chontae na Gaillimhe le Nuacht RTÉ/TG4 nach raibh fírinne ar bith sna scéalta agus cé go bhfuil teorainn leis an méid gur féidir leo a dhéanamh go bhfuil córas acu nuair a bhíonn sioc tuartha.