Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May go bhfuil sí chun iarraidh ar an Aontas Eorpach dul i mbun margála an athuair léi faoi dhealú na tíre ón Aontas.
Caithfear vótaí i Westminster anocht ar roinnt leasuithe atá molta i dtaobh an tsocraithe atá faoi láthair ann. Seacht leasú ar fad a bheas i gceist - ceann faoin chúlstad in Éirinn ina measc.
Dúirt Theresa May go bhfuil sí ag iarraidh pilleadh ar an Bhruiséil le teachtaireacht shoiléir ón pharlaimint. Thug sí le fios gur athruithe dlíthiúla ar an chúlstad atá uaithi.
Dúirt sí ina dhiaidh sin féin go bhfuil sí ag iarraidh cloí lena gealltanas nach mbeidh teorann chrua in Éirinn.
Chuir an DUP in iúl don Phríomh-Aire May go dtacóidh siad léi má théann sí ar ais chun na Bruiséile.
Vótáilfear ar leasú eile faoina dtabharfaí cumhacht a thabhairt do pharlaimint Westminster mura mbeidh socrú déanta roimh dheireadh Fheabhra. Ligfeadh seo d’fheisirí vótáil ar bhille a thabharfadh sineadh ama d’Airteagal 50, an próiseas faoina n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas.