I gCinn Mhara, Co na Gaillimhe, tá tús curtha ag an bpobal ansin le feachtas bailithe airgid ar son mhuintir Stephen Warde, fear áitiúil 32 bliain d'aois atá ar iarraidh i bpríomhchathair na Malaeisia Kuala Lumpur ó thús na míosa seo.

Deir an sagart paróiste i gCinn Mhara an tAthair Hugh Clifford go bhfuil pobal na háite ag iarraidh rud éigin a dhéanamh le tacú leis an teaghlach agus go mbeidh paidreacha á rá do Stephen ag Aifrinn sna laethanta amach romhainn. 

Tá máthair agus deirfiúracha Stephen in Kuala Lumpur le seachtain agus ag iad ag iarraidh teacht air iad féin. Bainfidh siad leas as an airgead a bhaileofar ar a son le gur féidir leo leanacht den chuardach.

Tá luach saothair $5,000 á chur ar fáil ag teaghlach Stephen d'aon duine a mbeadh aon eolas acu ar a chás agus a chuideodh leo teacht air.

Níl tásc ná tuairisc ar Stephen ó 2 Eanáir nuair a baineadh leas as a fhón den uair dheireanach.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtrachta i dteagmháil leis an teaghlach agus ag tabhairt cúnamh consalachta dóibh.