skip to main content

FÍSEÁN Seirbhísí tacaíochta ar fáil i bhfianaise tragóide

Micheál Roarty, Seán Harkin, Daniel Scott agus John Harley
Micheál Roarty, Seán Harkin, Daniel Scott agus John Harley

Dúirt clubanna Chumann Lúthchleas Gael i nGaeltacht Dhún na nGall go mbeidh tacaíocht iomlán ar fáil do theaghlaigh agus do chairde na bhfear a maraíodh sa tionóisc bhóthair i nGaoth Dobhair arú aréir.  

Tacaíocht phraiticiúil agus comhairle ghairmiúil a bheas i gceist, a dúradh.

Bhí cruinnuithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le grúpaí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall inniu maidir le seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil i bhfianaise na tionóisce inar maraíodh ceathrar fear óg. 

Labhair ionadaithe na Feidhmeannachta le grúpaí pobail, spóirt agus óige faoi sheirbhísí tacaíochta agus comhairleoireachta a chur ar fáil, go háirithe do dhaoine a raibh aithne acu ar na fir óga. 

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty go bhfuil an Fheidhmeannacht den bharúil go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh tacaíocht leanúnach ar fáil do dhaoine atá buailte mar gheall ar an taisme seo, nó a bhfuil sé ag goilliúint orthu, agus go mbeadh daoine ansin atá oilte le labhairt leo. 

Ba iad an ceathrar a maraíodh John Harley, 24 bliain d'aois, as an Fhál Carrach, Micheál Roarty, 24 bliain, as Gaoth Dobhair, Seán Harkin as an Fhál Carrach, 22 bliain, agus Daniel Scott as Gort an Choirce, a bhí 23 bliain.

Bhásaigh siad nuair a d'imigh a ngluaisteán den bhóthar ag droichead i nGleann hUallach, Gaoth Dobhair, ag thart ar 9 a chlog oíche Dé Domhnaigh. Adhlacfar iad Déardaoin.