Dúirt an Tánaiste Simon Coveney nach bhfuil fonn ar bith ar an Aontas Eorpach dul i mbun idirbheartaíochta arís ar an mhargadh faoi mar a fhágfas an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Dúirt sé go gcreideann sé go mbeadh an tAontas Eorpach "flaithiúil" dá mbeadh Rialtas na Breataine sásta géilleadh ar roinnt dá n-éilimh bhunúsacha maidir leis an aontas custaim agus an mhargadh aonair.
Ó diúltaíodh le móramh mór do phlean imeachta an Phríomh-Aire Theresa May i bparlaimint Westminster an mhí seo caite, tá leasuithe á moladh ag cúlbhinseoirí na gCaomhach agus ag feisirí an fhreasúra féachaint le tionchar a imirt ar chur chuige Theresa May agus í ag iarraidh teacht ar phlean eile.
Amárach, caithfear vóta ar roinnt de na leasuithe sin, moladh ón bhfeisire Caomhach Graham Brady faoin chúlstad ina measc. Dúirt sé go mbeadh cás níos láidre ag Theresa May agus í ag dul i mbun idirbheartaíochta leis an Eoraip arís dá nglacfaí eis an leasú atá molta aige.
Ag labhairt dó i gCorcaigh inniu, áfach, dúirt an Tánaiste Simon Coveney nach dtacódh an tAontas Eorpach le socrú imeachta gan an cúlstad.
Tá leasú eile curtha síos ag Yvette Cooper ó Pháirtí an Lucht Oibre faoina dtabharfaí deis d'fheisirí vótáil ar son síneadh a chur le Airgeagal 50, an próiseas faoina bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Bhí ionadaíthe gnó agus ceardchumann, chomh maith le feirmeoirí agus grúpaí pobail, ar thoscaireacht ón Tuaisceart a bhí ag stocaireacht i Westminster inniu. Tá siad ar fad ar aon intinn go mbeadh sé tubaisteach dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas gan margadh a bheith déanta.
Beidh bagairt ann do shlándáil bia na Breataine agus beidh praghsanna níos airde agus seilfeanna folmha sa ghearrthéarma mura mbeidh ann margadh, a deir leithidí Sainsburys, Asda agus McDonald's i litir atá seolta chuig an Rialtas ag Cuibhreannas Miondíola na Breataine.