Tá pobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire i ndeisceart Bhaile Átha Cliath míshásta, a deir siad, go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ag tabhairt neamhaird ar a n-iarratas Aifreann Gaeilge a chur ar fáil arís sa pharóiste.
Bhíodh Aifreann Gaeilge ar siúl gach Domhnach i Séipéal Naomh Micheál ar an mbaile ar feadh leathchéad bliain go dtí arú anuraidh.
Rachaidh Gaeil an pharóiste i mbun agóide ag Coláiste na Croise Naofa i nDroim Conrach Déardaoin seo chugainn agus an díolaim Gaeilge 'Canaimis – Ceol don Aifreann' á sheoladh. Tá an coláiste in aice le háras Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath.
Maíonn an pobal Aifrinn go bhfuil siad tar éis go leor litreacha a scríobh chuig Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath faoin gceist seo ach nach bhfuair siad fiú admháil orthu.
Dúirt urlabhraí na hArd-Deoise le Nuacht RTÉ/TG4 inniu go raibh dhá chruinniú ann cheana féin idir lucht an pharóiste agus an sagart atá freagrach as an gCoiste Tréadach faoin gceist. Is é an Coiste Tréadach a bhíonn ag plé le pobal na Gaeilge san Ard-Deoise agus tá siadsan fós dóchasach go dtiocfar ar réiteach, a dúradh.
Deir an pobal Aifrinn, áfach, gurb é an moladh a bhí ag an gCoiste Tréadach ag na cruinnithe sin an tAifreann Gaeilge a thabhairt ar ais uair sa mhí, seachas gach Domhnach mar a theastaíonn uathu féin.
"Creill bháis" a bheadh san Aifreann míosuil nuair is ócáid seachtainiúil é ó cheart, a deir siad.