Maraíodh ceathrar fear óg i dtionóisc bhóthair i nGaeltacht Dhún na nGall aréir. Tharla an timpiste ag droichead i nGleann hUallach, Gaoth Dobhair, ag thart ar 9 a chlog aréir. Bhásaigh an ceathrar ar an láthair.
B'in iad John Harley, 24 bliain d'aois, as an Fhál Carrach, Micheál Roarty, 24 bliain, as Gaoth Dobhair, Seán Harkin as an Fhál Carrach, 22 bliain, agus Daniel Scott as Gort an Choirce, a bhí 23 bliain.
Dúirt an Teachta Dála áitiúil Pearse Doherty ó Shinn Féin go raibh an pobal faoi dhaolbhrat bróin de bharr na tragóide.
Chuir sagart paróiste Ghort an Choirce an tAthair Seán Ó Gallchóir a chomhbhrón in iúl do mhuintir na bhfear a bhásaigh. Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé gur chairde iad an ceathrar a raibh aithne acu ar a chéile ó bhí siad an-óg. Imreoir aitheanta peile agus sacair a bhí i nduine acu, a dúirt sé.

Láthair na timpiste ar maidin
Bhí John Harley, Seán Harkin agus Daniel Scott i bPobalscoil Chloich Chionnaola in éineacht. Dúirt príomhoide na scoile Maeve Nic Suibhne go raibh an triúr scócach páirteach go mór i saol na scoile, go háirithe i gcúrsaí spóirt. Dúirt sí go raibh gnaoi na ndaoine orthu i gcónaí.
I bPobalscoil Ghaoth Dobhair a bhí Micheál Ó Rabhartaigh as an Mhuine Bheag i nDún Lúiche. Ar maidin reáchtáileadh seirbhís phaidreoireachta sa scoil sin le cuidiú le páistí agus le pobal na scoile.
FÍSEÁN Tuairisc ag Ailbhe Ó Moncháin ar an tragóid i nGaoth Dobhair aréir inar maraíodh ceathrar fear óg pic.twitter.com/y1EPteLXc1
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) 28 January 2019
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair gur buille gan choinne don phobal a bhí sa tragóid. Mhol sé go mór na seirbhísí éigeandála faoin obair a rinne siad ar láthair na tionóisce aréir.

Láthair na timpiste aréir
Tá an bóthar dúnta i gcomhair scrúduithe dlí-eolaíochta agus tá na Gardaí i mBaile na nGallóglach ag iarraidh chúnamh an phobail lena gcuid fiosruithe.
Tá scrúduithe iarbháis le déanamh ar choirp na bhfear in Ospidéal Leitir Ceanainn.