Tá iarrachtaí ar bun ag miondíoltóirí deireadh a chur le hábhar plaisteach ar tháirigí bia, go háirithe ábhar plaisteach dubh nach féidir athchúrsáil a dhéanamh air. 

Déantar athchúrsáil ar 36% den ábhar plaisteach a chaitear amach sa tír seo agus tá sé mar aidhm ag an Rialtas gur 55% a bheas i gceist faoin mbliain 2030. 

Tá siopa búistéara Divilly i gcathair na Gaillimhe ag déanamh a gcuid féin le gearradh siar ar an méid ábhar plaisteach a úsáideann siad - ábhar plaisteach dubh ina measc.

Tá lucht an tsiopa ag iarraidh go dtabharfaidh custaiméirí a gcuid coimeádán féin isteach sa siopa chun an fheoil a thabhairt abhaile leo seachas í a chur in ábhar plaisteach aonúsáide.  

Tá gealltanas tugtha ag ollmhargadh Lidl nach mbeidh gcuirfidh siad ábhar plaisteach nach féidir a athchúrsáil ar a gcuid torthaí agus glasraí féin níos mó agus nach mbeidh siad ábhar plaisteach dubh ar tháirgí éisc ó mhí Feabhra ar aghaidh. 

Ní aithníonn meaisíneacha infridhearga in ionaid athchúrsála ábhar dubh agus ní scagtar ó ghnáthbhruscar é dá bharr sin.