skip to main content

Imní ar na Náisiúin Aontaithe faoin ngéarchéim i Veiniséala

Léirsiú i Veiniséala inné
Léirsiú i Veiniséala inné

Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh an ghéarchéim i Veiniséala imeacht ó smacht agus go bhféadfadh deireadh tubaisteach a bheith leis an éiginnteacht pholaitiúil sa tír.

Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh go gcuirfeadh rialtas na tíre agus an freasúra ansin tús le comhráite leis an ngéarchéim a réiteach sula mbeidh sé rómhall, mar a dúradh.

D'fhógair ceannaire na parlaiminte i Veiniséala Juan Guaido arú inné gurb é féin uachtarán eatramhach na tíre. Tá léirsithe móra ar bun le cúpla lá ansin in aghaidh rialtas an Uachtaráin Nicolas Maduro.

Tá smachtbhannaí curtha ar Rialtas Veiniséala ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag an Aontas Eorpach. Deir an tAontas go bhfuil sé mar aidhm ag na smachtbhannaí comhréiteach daonlathach ar fhadhbanna na tíre a spreagadh. 

Tá cuid mhór de mhuintir na tíre ar an ngannchuid. Tá ganntan bia, uisce agus earraí leighis ag goilliúint go mór orthu, agus tá 2.3 milliún duine tar éis teitheadh ón tír.

Teifigh ó Veiniséala ar a mbealach go dtí an Cholóim (Pic: Getty)

Inniu, chosain Sinn Féin an tacaíocht atá tugtha acusan don Uachtarán Maduro. Chuir an páirtí beirt iondaithe chuig searmanas insealbhaithe Maduro sa phríomhchathair Caracas coicís ó shin.

Uachtarán Veiniséala, Nicolas Maduro (Pic: Getty)

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Teachta Dála Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go seasann an páirtí leis an gcinneadh an bheirt a chur ann. Dúirt sé gur chóir go mbeadh tíortha eile ag cabhrú le Veiniséala teacht as an tsáinn eacnamaíochta ina bhfuil sí faoi lathair. Má leantar leis na smachtbhannaí, beidh níos mo daoine i mbochtanas, a dúirt sé. 

"Seasann Sinn Féin le Maduro. Má ta coireanna déanta aige, beidh muid á cháineadh, ach ní fhaca an pairtí aon fhianaise go bhfuil aon rud mícheart déanta ag Maduro féin nó ag aon duine a bhí faoina smacht i gcoinne an ghnáthphobail. Agus más fíor sin, beidh muid ag tácú leis an éileamh go mbeadh fíosruchán curtha ar bun ag Náisiúin Aontaithe maidir le líomhaintí i gcoinne Maduro nó i gcoinne aon eagras polaitiúil eile."

Aengus Ó Snodaigh

Dúirt Teachta Dála Fhine Gael Fergus O'Dowd le RTÉ/TG4 gurbh fhearr leis go mbeadh ionadaithe tofa Shinn Féin agus ag dírú ar na ceisteanna tromchúiseacha a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúirt sé gur cheart dóibh a suíocháin a ghlacadh i bparlaimint Westminster chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin agus le cinntiú nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn. B'fhearr leis freisin, a dúirt sé, go mbeadh Sinn Féin ag díriú ar an ról atá acu i Stormont. 

Tá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump, Rialtas na Breataine agus rialtais gach tír i Meiriceá Theas - seachas an Bholaiv - ag tacú le Juan Guaido.

Tá an Rúis agus an tSín i measc na dtíortha atá ag tacú leis an Uachtarán Maduro.

Fearacht na Náisiún Aontaithe, tá an tAontas Eorpach - seachas an Bhreatain - ag iarraidh go mbeadh comhráite idir an dá thaobh.