Deir Fianna Fáil agus an SDLP go dtacaíonn an chuid is mó de na baill sa dá pháirtí leis an socrú a d'fhógair siad inniu maidir le páirtnéireacht nua eatarthu.
Tugadh le fios ag preasócáid a bhí ag an dá dhream i mBéal Feirste inniu nach mbeidh Fianna Fáil ag cur iarrthóirí chun cinn sna toghcháin áitiúla sa Tuaisceart i mí na Bealtaine.
Chuir ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire an SDLP Colum Eastwood tús le comhráite os cionn bliana ó shin faoin tsáinn ina bhfuil cúrsaí polaitíochta ó thuaidh agus faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.
Tá réimse polasaithe aonaithe ag an dá pháirtí - oideachas, sláinte, tithíocht agus cúrsaí bunreachtúla. Páirtnéireacht é seo seachas cónascadh iomlán, a dúradh.
Trí mhí ó shin, fógraíodh i dTír Eoghain go mbeadh Sorcha McAnespy ag seasamh d’Fhianna Fáil i dtogcháin áitiúla an Tuaiscirt. Bhí beirt ó Fhianna Fáil - an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an Seanadóir Mark Daly - ag an ócáid sin. Dhearbhaigh ceannasaíocht an pháirtí ag an am, áfach, nach raibh cinneadh déanta acu faoi iarrthóirí sa Tuaisceart.
Inniu, dhearbhaigh Fianna Fáil nach mbeidh siad ag cur iarrthóirí chun tosaigh agus go mbeidh siad ag tacú le hiarrthóirí an SDLP.
Bhí Claire Hanna, duine d'ionadaithe tofa an SDLP i Stormont, as láthair inniu. Chuir sí in iúl go poiblí roimhe seo nach raibh sí i bhfabhar na páirtnéireachta.
Dhearbhaigh Micheál Martin inniu freisin go dtacaíonn Fianna Fáil le polasaí an SDLP a gcuid suíochán i bparlaimint Westminster a thógáil.