skip to main content

De bharr 'míthapa' a bhásaigh deichniúr ag láithreán stad

An láithreán stad i gCarraig Mhaighin
An láithreán stad i gCarraig Mhaighin

Rialaigh coiste cróinéara inniu gur de bharr míthapa a bhásaigh deichniúr i ndóiteán ag láithreán stad i gCarraig Mhaighin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in 2015. 

Maraíodh cúigear daoine fásta agus cúigear páistí sa dóiteáin ag láithreán stad Ghleann na Muc i mí Dheireadh Fómhair 2015.

B'in iad Thomas Connors (28 bliain), a bhean chéile Sylvia Connors (30) agus a dtriúr leanaí Jim (5), Christy (3) agus Mary a bhí cúig mhí d'aois; Willie Lynch (25) ar deartháir le Sylvia Connors é, a pháirtí Tara Gilbert (27) a bhí ceithre mhí ar leanbh, agus a n-iníonacha Jodie (9) agus Kelsey (4); agus Jimmy Lynch (39) deartháir eile le Sylvia Connors.

Mhol an giúiré go mbronnfaí mír ghaile ar ógánach ceithre bliana déag a thug buachaill cúig bliana slán ón dóiteán. Fáiltíodh roimh an moladh sin i gcúirt an chróinéara le bualadh bos. 

Mhol an giúiré freisin go dtabharfaí isteach treoirlínte nua maidir le sábháilteacht dóiteáin ag láithreáin stad an lucht siúil.