skip to main content

Maoiniú Earnáil na Gaeilge: Éiginnteacht ann fós

Roimh 2014, bhí bunmhaoiniú á fháil ó ó Fhoras na Gaeilge ag naoi n-eagraíocht déag in earnáil dheonach na Gaeilge. Cúig bliana ó shin tugadh isteach córas maoinithe nua agus tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair ar cé mar a d'éirigh leis go dtí seo. 

Seachas naoi n-eagraíocht déag, bhí sé molta faoin gcóras úr go roghnódh Foras na Gaeilge sé cheanneagraíocht, a d’fheidhmeodh i "mór-réimsí oibre." Roghnaíodh na ceanneagraíochtaí agus na réimsí seo a leanas:

Gaeloideachas 
Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
Gael Linn
Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
Glór na nGael
Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta
Oireachtas na Gaeilge
Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán do dhaoine fásta
Conradh na Gaeilge
Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
Cumann na bhFiann
Forbairt Deiseanna Úsáide Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

"Bhí tuairimíocht ann", a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge "go raibh an iomarca eagraíochtaí bunmhaoinithe ann. Bhí siad ag iarraidh líon na n-eagras a laghdú."

Julian de Spáinn

"D’iarr an Chomhaireacht Thuaidh Theas orainn amharc ar bhealaí níb éifeachtaí", a deir Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, "chun maoiniú a thabhairt d’earnáil na Gaeilge."

Ní raibh gach duine sásta leis an gcóras úr, áfach.

Cailleadh postanna agus cuireadh deireadh le heagraíochtaí. Bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar cheann de na heagraíochtaí ba cháiliúla a bhí thíos leis. Bhí an t-eagras ar an bhfód ón mbliain 1943 agus bhí seisiúr fostaithe acu go lánaimseartha.

Chomh maith leis sin, cáineadh an Foras de bharr nár bhronn siad maoiniú ar bith ar aon eagraíocht a raibh a ceannáras aige sa Tuaisceart - Altram agus Iontaobhas Ultach ina measc.

Maíonn Janet Muller, stiúrthóir an scátheagrais Pobal i mBéal Feirste, go raibh neamart tromchúiseach i gceist leis an gcinneadh seo.

"Chuir siad deireadh linn", a deir sí, "agus muidne anseo ar an taobh seo den teorainn an dream nach dtig leo a bheith ag súil go bhfaighidh siad bunmhaoiniú ó fhoinse ar bith eile."

"Bhí muidne ag súil, leis na heagraíochtaí a roghnaigh muid," a deir Seán Ó Coinn, "go bhfreastalóidís ar an oileán ar fad, beag beann ar an áit a raibh a gceannáras lonnaithe."

Seán Ó Coinn

Ach "idir mhaith agus olc" atá ag baint leis an gcóras trí chéile, dar leis na heagraíochtaí a roghnaíodh, a deir Julian dew Spáinn.

"Ó tháinig an múnla nua i bhfeidhm, feictear dúinn go mbíonn níos mó deiseanna comhoibrithe againn leis an heagraíochtaí eile. Tá teagmháil agus caidreamh níos fearr eadrainn. Ach ar an taobh eile, tá díomá orainn nach bhfuil ardú tagtha ar ár mbuiséad."

Tá €25m caite ag Foras na Gaeilge ar bhunmhaoiniú na gceanneagraíochtaí ó 2014.

Mar gheall gur foras tras-teorann é Foras na Gaeilge, is ó ranna rialtais thuaidh agus theas a fhaigheann sé a mhaoiniú féin. Ach tá Comhthionól an Tuaiscirt ar fionraí ó mhí Eanáir 2017 agus ní féidir leis an eagraíocht aon ardú ar an maoiniú sin a fháil dá bharr. 

San athbhreithniú atá ar bun faoi láthair, tá measúnú á dhéanamh ar obair na n-eagraíochtaí.

"Bíonn orainn tuairiscí a chur i dtoll a chéile gach mí", a deir Julian de Spáinn, "agus ansin, cuireann muid tuairisc ráithe ar fáil don bhForas. Ag deireadh na bliana, cuireann muid tuarascáil bhliantúil ar fáil."

Is é an comhairleoir pleanála teanga Colm Ó Cinnseala atá i mbun an athbhreithnithe. 

"Is gnáthchuid d’aon phróiséas mar seo tuarascáil a chur ar ais le heagarthóireacht a dhéanamh air. Sin an chéim ag a bhfuilimid faoi láthair," a deir sé. 

Tuigtear dúinn chomh maith gur léiríodh imní faoi cheann de na ceanneagraíochtaí ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge le deireanaí.

Deir Foras na Gaeilge go mbeidh torthaí an athbhreithnithe ar fáil "sa chéad leath de 2019."

Tuairisc iomlán ar an scéal seo ar 7Lá ar TG4 anocht ag 7.30