skip to main content

An Feisire Eorpach Brian Crowley ag éirí as

Brian Crowley
Brian Crowley

D'fhógair an Feisire Eorpach Brian Crowley nach mbeidh sé san iomaíocht i dtoghcheantar an Deiscirt sna toghcháin Eorpacha i mbliana de bharr a dhrochshláinte. Is é a chaith an seal is faide riamh mar Fheisire Eorpach de chuid na tíre seo.

Ag preas-ócáid i gCorcaigh inniu, dúirt Brian Crowley, atá 54 bliain d'aois, gurb é an tinneas atá air le roinnt blianta is cúis lena chinneadh éirí as.

Thit sé de dhíon nuair a bhí sé sé bliana déag. Fágadh gan lúth na ngéag é agus tá sé i gcathaoir rotha ó shin. Bhí drochthimpiste gluaisteáin aige go luath ina dhiaidh sin agus bhí sé i mbaol báis dá bharr. 

Bhí oifig pharlaiminte i gCorcaigh ag Brian Crowley le cúig bliana, cé nár fhreastail sé ar aon chruinniú i bParlaimint na hEorpa i gcaitheamh an ama sin. 

Chosain sé a chuid oibre parlaimintí ó bhain an tinneas dó agus dúirt sé go raibh sé ag obair ón leaba. Ní rún a bhí ann gur theastaigh cóir leighis rialta uaidh, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh muintir a thoghcheantair sásta duine a bhí faoi mhíbhuntáiste leighis a bheith mar ionadaí acu. Tá cearta ag gach duine, a dúirt sé, bídís lagtha ag tinneas nó i mbarr a sláinte. 

Dealraíonn sé faoi láthair gur trí fheisire dhéag as Éirinn a thoghfar sna toghcháin Eorpacha i mí Bealtaine - beirt fheisirí sa bhreis ar an méid atá againn faoi láthair - de bharr imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. I dtoghcheantair Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt a bheas na suíocháin bhreise. 

Thug ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin aitheantas don mhéid a bhain Brian Crowley amach mar Fheisire Eorpach agus don dílseacht a bhí aige do dhaoine sa toghcheantar, mar a dúirt sé. 

Níor lig sé don mhíchumas a bhí air é a choinneáil siar ar aon bhealach, a dúirt Micheál Martin.