skip to main content

Seantithe scoile atá tréigthe is ábhar do leabhar nua

Scoil Náisiúnta Mháistir Gaoithe, Co Chiarraí
Scoil Náisiúnta Mháistir Gaoithe, Co Chiarraí

Seantithe scoile atá tréigthe agus na cuimhní cinn a bhaineann leo is ábhar do leabhar nua atá le seoladh go luath.

I gcaitheamh cúig bliana rinne an grianghrafadóir Enda O'Flaherty iniúchadh ar bhreis agus 240 seanscoil ar fud na hÉireann.

Tá fáil anois ar na scéalta a bhailigh sé fúthu agus na grianghraif a cheansaigh sé sa leabhar Deserted Schoolhouses of Ireland. 

Tá formhór na seanscoileanna sa leabhar suite i gcontaetha in iarthar na tíre agus sna contaetha le hais na teorann, ceantair atá buailte go holc ag imirce agus bánú tuaithe.

Deir Enda O’Flaherty gur suim sna foirgnimh féin a spreag é chun tabhairt faoin tionscnamh i dtosach ach ansin gur bheartaigh sé cuimhní cinn na ndaoine a d’fhreastail ar na scoileanna a bhailiú chomh maith. 

"Tá atmaisféar speisialta sna scoileanna seo. Tá scéalta ins na ballaí agus nuair a bhuail mé leis na daoine a shuigh sna scoileanna seo agus nuair a chuala mé na cuimhní cinn a bhí acu do thuig mé go raibh cumhacht ar leith ann."

I measc na bhfoirgeamh atá sa leabhar tá scoileanna i bhFaoide - oileán beag i mBá Bheanntraí - Droim Lis, Co Liatroma, agus an Seanmhachaire i gCo Mhaigh Eo.

Tá Scoil Náisiúnta Mháistir Gaoithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCo Chiarraí ar cheann de na scoileanna is sine sa leabhar. Tógadh í sa bhliain 1847.

Deir iarscoláire na scoile, an tAthair Pádraig Ó Siochrú, go raibh saol na scoile dian ar leanaí agus é ag fás suas. Bhí beirt tuismitheoirí leis ag muineadh sa scoil, chomh maith lena athair críonna agus a mháthair chríonna rompu.

"Bhí an saol deacair againn. Ní raibh mórán fonn ar an máistir an tslat a spáráil, ach b’in an saol an uair sin. Tá cuimhní geala agama ar an scoil leis mar gur ann a bhuaileas le cairde saoil.

Bhí dhá chlós sa scoil an uair sin, ceann do bhuachaillí agus ceann do chailíní. Is cuimhin liom go mbíodh arán bán agus cócó á thabhairt amach le haghaidh lóin."

An tAthair Pádraig Ó Siochrú le grianghraf de Scoil Mháistir Gaoithe i 1912

Deir Enda O’Flaherty gur thug sé faoin tionscnamh d'fhonn oidhreacht na seanscoileanna a chaomhnú.

"Tá cuid mhaith de na scoileanna seo ag titim as a chéile, tá siad lofa, níl aon duine ag tabhairt aire dóibh. Ní fada uainn an lá go mbeidh siad imithe agus is mór an trua é sin mar tá stair ár muintire sna scoileanna seo."

Seolfar an leabhar go hoifigiúil i gCorcaigh Dé hAoine 8 Márta.