Tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis an Aire Oideachais gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile agus deireadh a chur leis an 'gcleasaíocht' a bhaineann leis an gcóras.
Tá athbhreithniú ar an gcóras ar bun faoi láthair ach dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Nuacht RTÉ/TG4 inniu - i bhfianaise ráiteas Sheáin Kyne - nach bhféadfaí bac iomlán a chur ar dhaltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu teangacha Eorpacha eile a fhoghlaim mar gur iomaí cúis a cheadaítear díolúine.
38,000 scoláire bunscoile agus meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge in 2016. Sa scoilbhiain 2016-17, bhí díolúine ón nGaeilge ag beagnach 8,000 dalta Ardteiste ach bhí beagnach leath acu sin ag déanamh staidéar ar theanga Eorpach amháin eile ar a laghad.
Ceadaítear díolúine ar bhonn míchumais nó má chaith páiste tréimhse i scoil taobh amuigh den Stát. Ach tá amhras ann le fada go mbítear ag baint mí-úsáid as an gcóras. Tá admhaithe ag an Roinn Oideachais féin go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí 'mícheart'.
Dúirt an tAire Stáit Kyne, ar Príomh-Aoire an Rialtais é chomh maith, gur chóir deireadh a chur leis an gcleasaíocht, mar a thug sé air, a bhaineann leis an gcóras díolúine.
Dúirt sé nár cheart cead a thabhairt do dhaltaí clárú do ranganna Gearmáinise nó Fraincise sa chás go bhfuil díolúine faighte ón nGaeilge acu ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu.
Cuirfear deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí atá ar bun ag an Roinn Oideachais faoin gcóras díolúine Dé hAoine seo chugainn.
Dúirt urlabhraí ón Roinn linn inniu go bhfuil líon ollmhór aighneachtaí faighte acu ón bpobal - beagnach 2,500 go dtí seo. Sin dhá oiread an mhéid aighneachtaí ar an meán a chuirtear faoi bhráid na Roinne ar ábhair eile, a dúradh.
Foilseofar polasaithe na Roinne i leith an chórais díolúine go luath, a dúradh.
Tiocfaidh an córas nua i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh.