skip to main content

Pátrúin do 12 bunscoil le fógairt faoi dheireadh an Mhárta

Pátrúin do 12 bunscoil le fógairt faoi dheireadh an Mhárta
Pátrúin do 12 bunscoil le fógairt faoi dheireadh an Mhárta

Is faoi dheireadh mhí an Mhárta a fhógrós an tAire Oideachais pátrúin do dhá bhunscoil déag nua atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair seo chugainn. 

Meánoíche anocht an spriocam atá ag tuismitheoirí le páirt a ghlacadh i suirbhé faoi cé acu ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge nó oideachas i mBéarla dá bpáistí sna ceantair ina bhfuil na scoileanna nua le bunú.

Tá iarratas déanta ag an eagraíocht Gaeilge - An Foras Pátrúnachta - a bheith ina phátrún ar gach ceann den trí bhunscoil déag nua atá le hoscailt san Fhómhar. 

I mBaile Átha Cliath a bheas ocht gcinn díobh agus fógraíodh anuraidh gur faoi stiúir an Fhorais Phátrúnachta a bheas ceann acu siúd - bunscoil nua ilchreidmheach atá le bunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath.

Anuraidh, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh dualgais reachtúla faoin Acht Oideachais maidir leis an nGaeilge á gcomhlíonadh ag an Roinn Oideachais. Mar thoradh ar imscrúdú an Choimisinéara, thug an Roinn le fios go gcuirfí béim níos mó ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge nuair a bheadh scoileanna nua á mbunú feasta.

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Faoin gcóras nua, bhunófaí dhá scoil - scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge - sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh ó mhionlach suntusach tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Dúirt Cormac McCashin ón bhForas Pátrúnachta gur 4.7% de scoileanna na tíre seo atá ina nGaelscoileanna ach de réir staidéir atá déanta ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go bhufil éileamh léirithe ag 23% de thuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.  

"Mura n-éireoidh linn an bhearna sin a líonadh ó thaobh soláthair i gcomparáid leis an éileamh, ní bheidh tuismitheoirí in ann teacht ar oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí.

Tá sé fíorthábhachtach go gcaithfidh tuismitheoirí vóta roimh dheireadh na hoíche anocht. Is mian linn nuair a bheas éileamh léirithe in aon cheantair sa tír don oideachais lán-Ghaeilge go ndéanfaí freastal air sin."

Thug urlabhraí an Aire Oideachais Joe McHugh le fios tráthnóna gur faoi dheireadh mhí an Mhárta a fhógrófar pátrúin na scoileanna nua. Dheimhnigh sé freisin go dtabharfar aird ar éilimh ó mhionlach suntusach tuismitheoirí ar mhaith leo oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí.

Is féidir an suirbhé a dhéanamh ar shuíomh na Roinne Oideachais