Friochtán sceallóg ba chúis leis an dóiteán ar maraíodh deichniúr dá bharr ag láithreán stad i gCarraig Mhaighin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in 2015, a dúradh ag an gcoiste cróinéara inniu.
Dúirt an Bleachtaire Cigire Martin Creighton ag Cúirt Chróinéara Bhaile Átha Cliath gur fágadh an friochtán sceallóg ar theophláta leictreach a bhí lasta.
Maraíodh cúigear daoine fásta agus cúigear páistí sa dóiteáin ag láithreán stad Ghleann na Muc i mí Dheireadh Fómhair 2015.
B'in iad Thomas Connors (28 bliain), a bhean chéile Sylvia Connors (30) agus a dtriúr leanaí Jim (5), Christy (3) agus Mary a bhí cúig mhí d'aois; Willie Lynch (25) ar deartháir le Sylvia Connors é, a pháirtí Tara Gilbert (27) a bhí ceithre mhí ar leanbh, agus a n-iníonacha Jodie (9) agus Kelsey (4); agus Jimmy Lynch (39) deartháir eile le Sylvia Connors.
Agus í ag tabhairt fianaise ag an gcoiste cróinéara inniu,dúirt príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Philomena Poole nach raibh sí ar an eolas faoi aon fhadhbanna ar leith a bhain leis an láithreán stad.
Dúirt stiúrthóir seirbhísí na comhairle contae Tom McHugh gur láithreán éigeandála sealadach a bhí ann a cuireadh ar fáil do theaghlaigh a bhí ag cur fúthu ar thaobh an bhóthair. Níor bhain rialacháin sábháilteachta dóiteáin le láithreáin shealadacha den sórt seo, a dúirt sé, agus ní raibh teorainn ama i gceist leis an díolúine seo.
Dúirt an Tom McHugh chomh maith nach bhféadfaí láthair bhuan a chur ar fáil ar an suíomh mar go raibh oibreacha bóthair le déanamh in aice léi.
Leanfar leis an éisteacht amárach.