skip to main content

Imní faoi 'ardú suntasach' ar an gcáin mhaoine áitiúil

Imní faoi 'ardú suntasach' ar an gcáin mhaoine áitiúil
Imní faoi 'ardú suntasach' ar an gcáin mhaoine áitiúil

Táthar ag iarraidh ar an Rialtas fógra a dhéanamh go luath maidir leis na hathruithe atá beartaithe don cháin mhaoine áitiúil ó 2020 ar aghaidh. 

Tá sé ráite ag comhairleoirí áitiúla i mBaile Átha Claith go bhfuil imní mhór ar dhaoine go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcáin, má bhunaítear í ar an luach atá ar thithe san am i láthair.

De réir na rialacha atá anois ann, tá rátaí na cánach bunaithe ar an luach a bhí ar thithe san am a caitheadh - Bealtaine 2013.

Ach má shocraíonn an Rialtas an cháin mhaoine a bhunú ar an luach atá ar thithe faoi lathair, d'fhéadfadh ardú suntasach teacht ar an méid a ghearrfaí ar úinéirí tí i gceantair áirithe.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt an comhairleoir neamhspleách i mBaile Átha Cliath Ruairí McGinley go mbailítear €80 milliún i gcáin mhaoine i gcathair Bhaile Átha Cliath gach bliain, ach nach bhfaigheann an chomhairle cathrach ach €4 milliún den mhéid sin.

Tugtar 20% den cháin a bhailítear i mBaile Átha Cliath d'údaráis áitiúla faoin tuath, agus ní mó ná sásta atá daoine i mBaile Átha Cliath faoi sin, a mhaígh sé.

Dúirt sé gur chóir go bhfanfadh sciar níos mó den cháin san ardchathair agus an t-airgead a chaitheamh ar sheirbhísí níos fearr a chur ar fáil ansin. 

An Comhairleoir Contae Ruairí McGinley

Cé go bhfuil an Comhairleoir McGinley i bhfabhar luachanna tithe a nuashonrú ar mhaithe leis an gcáin mhaoine a mheas, creideann sé gur chóir an ráta féin a íslíú ó 0.18% go dtí 0.1% le go mbeadh an méid céanna airgid á íoc ag daoine.

Ina cheantar féin - Ráth Maonais / Ráth Garbh - dealraíonn sé go mbeadh ar dhaoine €155 breise ar an meán a íoc mura laghdófaí an ráta. 

De réir na rialacha atá ann faoi láthair, níl tithe a tógadh ón mbliain 2013 i leith inchánaithe ach dúirt an Comhairleoir McGinley gur chóir go mbeadh. 10,000 teach atá i gceist.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Airgeadais go bhfuil athbhreithniú ar an gcáin mhaoine ar bun faoi láthair agus go gcuirfear an t-eolas cuí ar fáil i bhfad sula dtiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm. 

Agus mhaígh an Taoiseach sa Dáil roimh an Nollaig nach mbeadh ardú suntasach ar an gcáin seo agus go mbeadh sé mórán mar a chéile leis an gcáin atá á híoc ag úinéirí tí faoi láthair.