Caithfear cur leis an gcomhoibriú atá ar bun idir na tíortha Ceilteacha beag beann ar an mBreatimeacht, a dúirt ceannaire pháirtí náisiúnta na Breataine Bige, Plaid Cymru, Adam Price inniu.  

Bhí Adam Price ag labhairt san Institiuid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha i mBaile Átha Cliath ar na ceangail éagsúla a d'fhéadfaí a chothú idir an Bhreatain Bheag agus an tír seo nuair a fhágfas an Bhreatain an tAontas Eorpach.

Aontas nua idir na tíortha Ceilteacha ar imeall iarthar na hEorpa a phríomh-mholadh agus mhaígh sé go bhfuil an struchtúr d'aontas mar seo leagtha amach cheana féin i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Molann sé banc ar leith -  banc forbartha - do na tíortha Ceilteacha a bhunú. Chuirfeadh an banc seo maoiniú ar fáil do chomhthionscnaimh infreastruchtúir maidir le cúrsaí fuinnimh, iompair agus cumarsáide, a dúirt sé.

Adam Price, ceannaire Plaid Cymru i mBaile Átha Cliath inniu

Dúirt Adam Price chomh maith go bhféadfadh an tír seo brath ar an mBreatain Bheag mar chomhpháirtí polaitiúil anois agus an caidreamh polaitiúil idir thíortha in iarthar na hEorpa á bhunú as an nua i bhfianaise an Bhreatimeachta. 

Dar leis go léiríonn an Breatimeacht go bhfuil córas polaitiúil na Breataine briste agus gurbh fhearr i bhfad don Bhreatain Bheag a bheith páirteach san Eoraip, ach in Eoraip atá leasaithe athnuaite agus níos daonlathaí, mar a dúirt sé.

Vótáil 52.5% de mhuintir na Breataine Bige i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach sa reifreann in 2016. Tugtar le fios i roinnt pobalbhreitheanna a rinneadh ó shin go mbeadh formhór an phobail ansin i bhfabhar fanacht san Aontas dá mbeadh reifreann eile ann.

Maidir leis na teangacha Ceilteacha, tá go leor de na dúshláin chéanna roimh an nGaeilge agus an Bhreatnais araon. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an Bhreatnais ag cailleadh trí mhíle cainteoir dúchais i 'nGaeltacht' na tíre gach bliain - de bharr bás daoine agus eisimirce. Sna ceantair Bhreatnaise is láidre, níl ach thart ar leath den phobal ina gcainteoirí dúchais.

Cé go bhfuil an líon daltaí a fhoghlaimíonn an teanga ar scoil ag méadú in áiteanna eile sa tír, níl an líon daoine céanna á labhairt agus a bhíodh. 

Ceacht Breatnaise (Pic: Getty)

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Adam Price go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na dushláin eacnamaíochta i gceantair Ghaeltachta na Breataine Bige maraon le ceantair Ghaeltachta na tíre seo le dul i ngleic leis an eisimirce, agus bealaí nua a aimsiú le dlús a chur faoi na pobail teanga sin arís.

Dúirt sé go bhféadfadh an dá thír obair as lámha a chéile ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de mar chuid den réiteach ar an bhfadhb.

Páirtí freasúra is ea Plaid Cymru. Páirtí an Lucht Oibre atá i mbun an rialtais sa Bhreatain Bheag. Agus i gComhthionól na tíre ar maidin, bhí éisteachtaí ar siúl faoi mholtaí an rialtais i dtaobh na Breatnaise. Ina measc, moltar oifig an choimisinéara teanga ansin a scor, cé nach bhfuil ach mí caite ó ceapadh coimisinéir nua ansin. 

Tuairisceoireacht bhreise: Ciarán Lenoach