Tá iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste ó Pháirtí Aontachtach Uladh an Dr Ian Adamson tar éis bháis. Bhí sé 74 bliain d'aois.
Bhí an Dochtúir Adamson ina Chomhairleoir Cathrach ar feadh 21 bliain agus ina fheisire i gComhthionól an Tuaiscirt i Stormont ar feadh 5 bliana.
Ba shaineolaí é ar an Ultais agus bhí neart saothar foilsithe aige.
Chomh maith leis sin, bhí sé ina dhochtúir pearsanta ag iar Chéad Aire an Tuaiscirt Ian Paisley go dtí gur bhásaigh sé i 2014.
Tugadh aitheantas idirnáisiúnta dó as a chuid oibre le leanaí faoi mhíchumas ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.