Beidh ar theaghlaigh admháil a thaispeáint sna míonna amach romhainn le cruthú conas mar a fhaigheann siad réidh le bruscar tí nó d'fhéadfaí fíneáil suas le €2,500 a ghearradh orthu.
Tá an polasaí seo le tabhairt isteach faoi fhodhlíthe nua atá le teacht i bhfeidhm ar fud na tíre roimh an samhradh.
De réir na rialachán nua, tabharfar cead d'údaráis áitiúla cruthúnas a iarraidh ar ghnónna agus ar thithe go bhfuil seirbhís údaraithe dramhaíola á húsáid acu.
Tá sé ráite ag Kevin Swift ó Oifig Réigiúnach Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht-Ulaidh le Nuacht RTÉ/TG4 gurb é an aidhm atá leis an dlí nua seo go gcuirfí deireadh le dumpáil mhídhleathach agus go spreagfaí teaghlaigh chun clárú le seirbhís údaraithe dramhaíola .
Cé go bhfuil an fodhlí curtha i bhfeidhm ag roinnt comhairlí cathrach agus contae cheana féin, ní mór é a bheith i bhfeidhm ar fud na tíre faoi lár na bliana, a deir Kevin Swift, ar mhaithe le cúrsaí timpeallachta agus truailliú a chosc.
Tuigtear do Nuacht RTÉ/TG4 go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag dul ó theach go teach ag lorg admhálacha roimh dheireadh na míosa seo.