skip to main content

Cás cinniúnach Gaeilge buaite ag Helen Ó Murchú i 1988

Helen Ó Murchú
Helen Ó Murchú

Léiríonn cás cúirte a tugadh i 1988 na deacrachtaí a bhí ag an phobal seirbhís a fháil i nGaeilge sular achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Bhí Helen Ó Murchú ina stiúrthóir ag an am ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, a raibh sé mar aidhm acu úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais.

Nuair a rinne sí iarracht an Comhar a chlárú mar chuideachta ní raibh ach leagan Béarla den fhoirm ar fáil san Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Moladh di an fhoirm i mBéarla a líonadh ach dhiúltaigh sí. Ghearáin sí leis an Oifig an bhliain dar gcionn ag rá go raibh an mhoill a bhí ar sholáthar leagan Gaeilge den fhoirm ag cur as go mór d'obair na heagraíochta.

I bhFeabhra 1988, scríobh sí chuig an Aire Tionscail agus Tráchtála Albert Reynolds ag iarraidh air idirghabháil a dhéanamh sa scéal ach ní bhfuair sí aon fhreagra uaidh.

Bheartaigh sí ina dhiaidh sin athbhreithniú breithiúnach a lorg san Ard-Chúirt chun iachall a chur ar Chláraitheoir na gCuideachtaí agus ar an Aire leagan Gaeilge den fhoirm a chur ar fáil taobh istigh de 21 lá le go bhféadfaí Comhar na Múinteoirí Gaeilge a ionchorprú agus a chlárú.

Léiríonn cáipéisí ó chomhaid an Stáit 30 bliain ó shin gur lorg an Oifig um Chlárú Cuideachtaí comhairle ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit an lá a seirbheáileadh an t-ordú Ard-Chúirte.

Cé go raibh leagan den fhoirm á aistriú ag Roinn an Taoisigh, bhí an Cláraitheoir den tuairim nach raibh aon oibleagáid ar a Oifig leagan Gaeilge a chur ar fáil.

Cé gur cuireadh an fhoirm Ghaeilge ar fáil ar deireadh, thug an tAbhchóide Séamus Ó Tuathail le fios go raibh sé ar intinn ag Helen Ó Murchú leanstan lena hiarratas chun go ndíolfaí costais léi.

Scríobh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit chuig an Ard-Aighne ag moladh go láidir go gcuirfeadh an Stát in éadan an iarratais seo.

Dúirt Owen Wilson ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit gur léirigh breithiúnas Cúirte Uachtaraí i gcás eile a tugadh faoi chúiseanna tiomána go bhféadfaí leagan Béarla nó Gaeilge a chur ar fáil ach nach raibh aon dualgas ar an Stát dhá leagan d'fhoirmeacha a chur ar fáil.

Ceapadh Aindrias Ó Caoimh le cás an Chláraitheora agus an Aire Tionscail a chur i láthair. Ba é an t-adhmad a bhí le baint as argóintí an Stáit nach raibh aon dualgas orthu de réir dlí an leagan Gaeilge a chur ar fáil do Helen Ó Murchú. Ní raibh i gceist ach fabhar a bhronnadh uirthi agus go raibh sí faoi chomaoin acu dá bharr sin.

Ach rialaigh an Breitheamh Rory O'Hanlon i bhfabhar Helen Uí Mhurchú san Ard-Chúirt i Meitheamh 1988. Dúirt sé dá nglacfaí le comhairle an Chláraitheora go mbeadh ar Helen Ó Murchú an stró a bhainfeadh le saothar an aistriúcháin a ghlacadh uirthi féin nó íoc as aistritheoir oilte chun an gnó a dhéanamh.

"Tá sé soiléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo an gnó a dhéanamh tré mheán an phríomhtheanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibhsean freisin," dar leis an Bhreitheamh O'Hanlon.

Rialaigh sé gur sáraíodh cearta dlí Uí Mhurchú agus chinn sé costais a bhronnadh uirthi in aghaidh an Chláraitheora agus an Aire.

Bhí an-tábhacht ag baint leis an bhreithiúnas sa mhéid go raibh fasach cruthaithe sna cúirteanna a chuir dualgas ar fhorais an Stáit foirmeacha oifigiúla a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla feasta.

Léiríonn cáipéisí Stáit atá ar fáil anois faoin Riail 30 Bliain go raibh rún ag an Phríomh-Aturnae Stáit achomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Uachtarach i leith bhreithiúnas Uí Anluain agus lorg siad comhairle ar Aindrias Ó Caoimh agus ar an Ard-Aighne John Murray ina leith.

Chomhairligh Ó Caoimh in éadan achomhairc, áfach: "Creidim go mbeadh tuilleadh costas fós ag baint le hachomharc gan aon chinnteacht ann go n-éireodh leis agus gur ceist í a bhfuil impleachtaí áirithe polaitiúla ag baint léi." 

D'aontaigh an tArd-Aighne leis seo agus mhol sé go neamhbhalbh agus i mbeagán focal don Phríomh- Aturnae Stáit ceist na gcostas a shocrú. "Settle costs," a deirtear sa cháipéis.

Chuir an dá fhocal gonta sin clabhsúr ar chás a raibh impleachtaí móra aige dóibh siúd a bhí ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge.

Beidh an clár Siar 30 Bliain ar siúl ar TG4 ag 7.15 anocht