D'éirigh le Rialtas na hÉireann bua suntasach a bhreith nuair a ghéill Rialtas na Breataine maidir le teagasc na Gaeilge i scoileanna an Tuaiscirt 30 bliain ó shin, de réir cáipéisí rúnda Stáit atá ar fáil anois faoin Riail 30 Bliain.

Bhí dianstocaireacht ar bun ag ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach ón uair a d'eisigh Aire Oideachais an Tuaiscirt an Dr Brian Mawhinney moltaí nua oideachais i Márta 1988.

Ba bheag fáilte a chuir ionadaithe an phobail náisiúnaigh roimh mholtaí Mawhinney, áfach. Ní raibh ach aon tagairt amháin don Ghaeilge sa cháipéis, is é sin admháil go raibh roinnt meánscoileanna ag teagasc na teanga cheana féin.

Níor moladh gur chóir múineadh na Gaeilge a leathnú chuig scoileanna eile agus níor tugadh aon ghealltanas cuidiú breise a thabhairt do na scoileanna a bhí ag teagasc na teanga ag an am.

Go deimhin, tugadh le fios ann go mbeadh múineadh na Gaeilge ina ualach breise siocair go mbeadh ar dhaltaí a bhí ag foghlaim Gaeilge teanga nua-aimseartha eile a fhoghlaim fosta. Bheadh an teanga iasachta sin aitheanta mar bhunábhar curaclaim agus i dteideal codán cuí a fháil d'uaireanta an amchláir scoile a bhí luaite leis na bunábhair.

Ní raibh sé i gceist faoi mholtaí Mawhinney aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar bhunábhar, rud a chiallódh go mbeadh an teanga in iomaíocht le hábhair eile do chéadatán beag uaireanta curaclaim.  

Bhraith Conradh na Gaeilge go lagófaí seasamh na Gaeilge sa chóras oideachais tuilleadh seachas a chinntiú go mbeadh deis ag gach dalta sa Tuaisceart an teanga a fhoghlaim.

Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Lenihan le fios i bhfreagra ar an Chonradh gur "céim ar gcúl do staid na Gaeilge iad na moltaí seo."

Chuir Gael Linn in iúl d'fheidhmeanaigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha mura dtabharfaí deiseanna do dhaltaí an teanga a fhoghlaim ar scoil go dtabharfaí "deis réamhdhéanta do dhaoine atá faoi anáil an IRA an teanga a fhuadach." 

Scríobh an Comhairleoir Brian Feeney ón SDLP chuig an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh faoin ghreadadh a bhí i ndán don Ghaeilge dá gcuirfí na moltaí seo i bhfeidhm: "Beidh croíchuraclam ann agus ní bheidh an Ghaeilge mar chuid de. Céard is fiú múinteoirí Gaeilge a thraenáil mar sin? Céard is fiú moladh do mhac léinn dul le múinteoireacht Gaeilge?" Bhraith sé gurbh é cuspóir na moltaí "dearcadh Breataineach ar an domhan a chur i bhfeidhm."

Gheall an Taoiseach dó go bpléifeadh an Rúnaíocht Angla-Éireannach na himpleachtaí tromchúiseacha a bhain leis na moltaí seo i dtaca leis an Ghaeilge ar bhonn práinne agus go ndéanfaidís mianta an phobail náisiúnaigh a chosaint go tréan.

Tháinig rabharta litreacha chuig Roinn an Taoisigh ag cáineadh na moltaí agus ba é tuairim na bhfeidhmeannach sa Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh bunús láidir lena mbuairt. Threisigh a gcuid stocaireachta ar chúla téarmaí.

Pléadh an cheist ag cruinniú den Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach a bhí ar siúl i mBéal Feirste i mí an Mheithimh 1988 agus chuir Aire Fuinnimh agus Cumarsáide an ama Ray Burke in iúl do Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Tom King gur ísliú céime don Ghaeilge a bheadh i moltaí Mawhinney.

Thug an Búrcach le fios nár mheas sé go raibh Mawhinney naimhdeach don teanga ach nach rabhthas ag caitheamh leis an Ghaeilge i gcóras oideachais an Tuaiscirt faoi mar a bhí leis an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. 

Dúirt Tom King gur cheart aitheantas a thabhairt do chultúr agus do theanga na hÉireann a fhad is nach mbainfí mí-úsáid pholaitiúil astu.

Dúirt sé, áfach, go raibh Rialtas na Breataine glan in éadan an dátheangachais sa Tuaisceart. D'aontaigh an dá thaobh nár mhiste tarraingt le chéile ar an cheist seo chun nach mbronnfaí "bua bolscaireachta eile" ar Shinn Féin.

Chuir Rialtas na hÉireann dhá mholadh chun cinn ag an chruinniú sin den Chomhdháil: (a) go mbeadh an Ghaeilge ar fáil mar theanga nua-aimseartha le stádas bunábhair nó (b) go mbunófaí bunábhar ar a dtabharfaí "Léann Éireannach (Irish Studies)" agus go mbeadh an Ghaeilge á teagasc mar chuid de sin.

Chuir Seán Ó hUiginn ón Rúnaíocht na moltaí sin faoi bhráid an Dr Mawhinney. Dhiúltaigh sé scun scan don chéad mholadh ach léirigh sé an-spéis sa dara ceann.

Bhí toradh fónta ar stocaireacht thaobh na hÉireann den Rúnaíocht nuair a foilsíodh an polasaí úr i mí Dheireadh Fómhair. Ba léir gur ghéill Rialtas na Breataine do chuid mhaith dá n-éilimh. Tríd is tríd, bhí feidhmeannaigh na hÉireann den tuairim go raibh dul chun cinn mór déanta sa pholasaí ó chuir an Dr Mawhinney na moltaí eile chun cinn sé mhí roimhe sin.

Bhí clár foghlama agus measúnú faoi leith beartaithe don Ghaeilge agus bheadh deis ag daltaí í a fhoghlaim mar "theanga bhreise nua-aimseartha." Bhraith Pádraic Collins ón Rúnaíocht gur thug sé seo ardú céime don Ghaeilge.

Cé go mbeadh deis ann an Ghaeilge a fhoghlaim, áfach, ní shásódh sé sin an riachtanas go mbeadh ar dhaltaí teanga iasachta a fhoghlaim. Mar sin, is teanga bhreise a bheadh sa Ghaeilge do scoláirí an Tuaiscirt. Ní fhéadfaí í a dhéanamh aisti féin gan staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta eile fosta.

Ach bheadh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge mar ábhar sa chóras oideachais feasta agus is ar na scoileanna féin a thitfeadh sé cinneadh a dhéanamh faoin mhéid ama a chaithfidís á teagasc.

Cé gur fháiltigh ionadaithe na hÉireann roimh an pholasaí i gcoitinne, cuireadh in iúl go raibh díomá orthu nach raibh aon soláthar sa pholasaí chun meánscoileanna lán-Ghaeilge a fhorbairt sa Tuaisceart. Deirtear i meamram rúnda rialtais go "ndúirt taobh na Breataine linn cé go raibh fianaise ann go raibh rath ar theagasc trí Ghaeilge i mbunscoileanna nach raibh aon phleananna ann í a chur chun cinn i meánscoileanna." 

Mar sin féin, bunaíodh Meánscoil Feirste trí bliana ina dhiaidh sin.

Chuir an SDLP fáilte theoranta roimh an pholasaí úr ach ní raibh deireadh leis an stocaireacht, ná baol air. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tháinig céad churaclam Thuaisceart Éireann isteach agus bhí an Ghaeilge mar nuatheanga ann agus gan aon difríocht stádais idir í agus na teangacha eile.

Beidh an clár Siar 30 Bliain ar siúl ar TG4 anocht ag 7.15