skip to main content

'Gan bunús dlíthiúil le deontais tithíochta ar feadh 14 bliain'

Chuir an tArd-Aighne fainic ar Roinn na Gaeltachta i 1987 nach raibh aon bhunús ceart dlíthiúil le cuid de na deontais tithíochta a bhí á n-íoc le pobal na Gaeltachta. 

Sin an tátal atá le baint as cáipeisí Stáit ón am a bhfuil teacht orthu sa Chartlann Náisiúnta anois faoin dlí a chuireann comhaid ar fáil go poiblí tar éis 30 bliain.

Is léir ó mheamram rialtais gur chuir an tArd-Aighne John Murray comhairle ar Aire Stáit na Gaeltachta Donncha Ó Gallchobhair i Meán Fómhair 1987 nach raibh aon bhunús dlíthiúil leis na deontais áirithe seo agus mhol sé go ndréachtófaí bille leis an scéal a chur ina cheart.

Ina ainneoin sin, níor achtaíodh an bille leasaithe go dtí an bhliain 2001. I bhfocail eile, lean Roinn na Gaeltachta ag íoc na ndeontas ar feadh ceithre bliana déag agus fios acu go raibh lúb ar lár reachtúil ann.

Bhíodh an Deontas Tithíochta Gaeltachta á íoc ón bhliain 1929 le daoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le hobair fheabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.

Rinneadh deich leasú ar an Acht i gcaitheamh na mblianta agus is geall le slat tomhais a bhí sna leasuithe sin ar an dul chun cinn i gcaighdeán maireachtála phobal na Gaeltachta.

Tugadh isteach an deontas i dtús ama chun muca agus éanlaith chlóis a bhaint amach as tithe cónaithe agus cóiríocht ar leith a chur ar fáil dóibh.

Sna caogaidí, bhí an deontas ar fáil chun soláthar uisce príobháideach agus leithris a chur i dtithe agus faoi na hochtóidí, d'fhéadfaí cuidiú airgid a fháil le síneadh a chur le teach a bheadh fóirstineach do chuairteoirí nó le teachín saoire a thógáil taobh le teach cónaithe.

Rinneadh leasú eile ar an Acht i 1987 agus ba é an tAire Stáit Donncha Ó Gallchobhair a bhí ag plé leis an chúram.

Faoin leasú seo, bhí deontas £3,000 ar fáil do dhaoine a bhí ag iarraidh tithe úra a thógáil sa Ghaeltacht.

Deir Banc Ceannais na hÉireann le Nuacht RTÉ/TG4 gurb ionann é sin agus €7,236 in airgead an lae inniu. Lena chois sin, bhíodh deontais suas le £2,300 (€5,548 sa lá inniu) ar fáil le haghaidh feabhsúcháin riachtanacha ar bhunchreatlach an tí nó chun an teach a mhéadú. D'fhéadfaí £5,500 (€13,270) a fháil chun teach a tógadh roimh an bhliain 1940 a dheisiú.

Ach bhí amhras ar an Aire Stáit Ó Gallchobhair faoi bhailíocht na scéime. Ar 3 Aibreán 1987, scríobh sé chuig an Ard-Aighne ag lorg dearbhú uaidh an mbeadh gá le hacht úr chun feidhm dlí a thabhairt do na deontais tithíochta.

Is cosúil go raibh deontais úra á n-íoc nach raibh sonraithe in Acht na dTithe Gaeltachta a achtaíodh i 1979. Ba léir don Ard-Aighne nach raibh gach deontas clúdaithe ag an Acht seo: "Ní hamháin nach bhfuil aon údarás sainiúil reachtúil ann leis na deontais seo a íoc ach níl aon scéim fhoirmiúil i scríbhinn ann ina leagtar amach na rialacha a bhaineann le dáileadh na ndeontas."

Chonacthas d'Oifig an Ard-Aighne go raibh formhór na ndeontas údaraithe ag na hachtanna tithíochta ach bhí lúb ar lár áirithe ann agus amhras ann an raibh aon údarás dlíthúil le híoc na ndeontas tithíochta: "Ní hin le rá nach bhfuil dualgas ar an Stát na deontais seo a íoc i gcásanna áirithe má ghníomhaigh daoine chun dochair dóibh féin agus iad ag súil go n-íocfaí iad. Ach, ina dhiaidh sin féin, tá bunús dlíthiúil na ndeontas seo lochtach."

I bhfocail eile, a dúirt Oifig an Ard-Aighne, ní raibh aon rialacháin ann nuair bunaíodh na scéimeanna: "Is amhlaidh a tugadh isteach na scéimeanna sular leagadh amach na rialacháin." 

Chuir an tArd-Aighne é féin, John Murray, aguisín leis an chomhairle a chuir a Oifig ar Aire Stáit na Gaeltachta. Dúirt sé gur cheart an reachtaíocht a leasú dá mbeadh sé i gceist leanstan ag íoc na ndeontas seo. Mhol John Murray go ndréachtófaí bille parlaiminte leis an scéal a chur ina cheart: "[L]e fáil réidh le haon amhras faoin bhunús atá le híoc na ndeontas."

Ainneoin chomhairle an Ard-Aighne, ghlac sé ceithre bliana déag ar Roinn na Gaeltachta reachtaíocht úr a dhréachtú sa bhliain 2001 cé go raibh siad ar an eolas go raibh lúb ar lár reachtúil i gceist.

Ach níor mhair na deontais i bhfad ina dhiaidh sin. Cuireadh an scéim ar fionraí ar 7 Aibreáin 2009 chun airgead a shábháil le linn an chúlú eacnamaíochta.

Mar sin féin, tá an reachtaíocht a cheadódh don Aire deontais a íoc ina dlí go fóill.

Beidh an clár Siar 30 Bliain ar siúl ar TG4 ag 7.15 anocht