skip to main content

822,000 pas Éireannach eisithe le bliain

822,000 pas Éireannach eisithe le bliain
822,000 pas Éireannach eisithe le bliain

Tugadh amach os cionn 822,000 pas Éireannach le bliain. Sin 43,000 níos mó pas ná a tugadh amach anuraidh, de réir figiúirí nua ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

99 bliain a bhí an t-iarratasóir ba shine agus dhá sheachtain d'aois a bhí an té ab óige.

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil ardú ar an líon iarratas as an Tuaisceart agus as an mBreatain ó caitheadh an vóta ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach i Meitheamh na bliana 2016.

Beagnach 200,000 iarratas a tháinig as an mBreatain i mbliana. 

As Sasana, Albain agus as an mBreatain Bheag a tháinig 98,000 acu sin - ardú 22% ó 2017.